D'eagraigh An Dream Dearg cruinniú dlúthpháirtíochta oscailte leis an tsáinn ag Droim Crí agus Bóthar Gharbhachaidh a phlé.
Pléadh dóigheanna chun tacaíocht a léiriú do phobal an cheantair agus cad é a thiocfadh tarlú sna laethanta amach romhainn.
Ag caint leis roimh an chruinniú, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus gníomhaí leis An Dream Dearg Ciarán Mac Giolla Bhéin, go raibh sé tábhachtach do phobail áirithe theacht le chéile.
"Bhí muid taobh amuigh den Ard-Chúirt Dé hAoine agus bhí daoine réasúnta dóchasach go mbeadh an ghéarchéim seo thart.
"Ar ndóighe d'athraigh sin agus chuaigh grúpa againne oíche Shathairn chuig an bhóthar. Bhí daoine ag bailiú agus ag cruinniú sa cheantar sin ó fud fad na tíre. Mhothaigh daoine ina gcealla go raibh sé thar a bheith tábhachtach daofa ar bhonn pearsanta seasamh i ndlúthpháirtíocht leis an phobal seo."

Dúirt an tUasal Mac Giolla Bhéin gur labhair sé le daoine a bhfuil páistí acu agus a "bhí a rá nár mhaith liom go mbeidh mo pháistí ag fás aníos mar a d'fhás mise aníos, i gcomhthéacs go bhfuil ár bpobal féin á brú amach ón cheantar."
Seoladh craobh úr de chuid Chonradh na Gaeilge i bPort an Dúnáin Dé Céadaoin seo caite, agus dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh scaifte ollmhór ann agus gur cuireadh fearadh na fáilte rompu.
"Tá sé tábhachtach dúinn mar eagraíocht go seasann muid leis an phobal sin. Ní thig linn a bheith ag plé leis an Ghaeilge ar bhonn ceist inti féin, scartha ó gach rud eile. Is daoine a labhrann teanga, agus nuair atá na daoine sin faoi ionsaí, ní mór dúinn mar eagraíocht teanga a bheith ag seasamh leo."
Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil "spiorad dochreidte" ar an Bhóthar agus go bhfuil daoine ann "a bhfuil peirspictíocht éagsúil polaitíochta ar go leor ceisteanna" acu, ach "a mhothaigh ar bhonn pearsanta go raibh sé tábhachtach daofa a bheith ann."
"Is timthriall atá i gceist le stair na hÉireann. Creideann daoine in amanna go bhfuil ceisteanna réitithe agus ansin tá claonadh ann go dtagann na ceisteanna sin ar ais."
Tharraing sé ar a thaithí féin ag fás aníos in Iarthar Bhéal Feirste, agus dúirt sé go bhfuil cuimhne aige óna dhéaga ar dhul chuig agóidí. Dúirt sé nach bhfuil an ghlúin úr ag dul a ligean do "sochaí forásach imeacht le sruth mar gheall go bhfuil drong beag biogóideach ag iarraidh muid a tharraingt siar."
"Silim go bhfuil dualgas orainn mar chomhphobal teacht le chéile agus athdhearcadh agus plé níos leithne a dhéanamh ar an chineál sochaí atá uainn amach anseo."





