Tá Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona míshásta le cur chuige na hollscoile maidir le polasaí Gaeilge a chur i bhfeidhm.
Bhuail ionadaithe ón Chumann le húdaráis na hollscoile den chéad uair ó bhí reifreann san ollscoil ann maidir le polasaí na Gaeilge. Deir an grúpa gurb é seo a gcéad chruinniú le "bainistíocht shinsearach Ollscoil na Banríona ó ollbhua an reifrinn i mí an Mhárta."
Ag caint leis an Andersonstown News, dúirt Eoghan Ó Conghaile ón Chumann Gaelach go raibh siad ag iarraidh fáil amach "cad é a bhí i gceist ag an Ollscoil."
Dúirt Eoghan gur dheimhnigh an Ollscoil go mbeadh "ról lárnach" ag mic léinn le Gaeilge i gcruthú an pholasaí úir, agus cé go bhfuil sé ar intinn ag an Ollscoil polasaí na hUltaise a fhorbairt nach mbeidh an dá ghrúpa "ar chomhchéim."

I ráiteas a cuireadh amach ar a leathanaigh ar na meáin shóisialta, dúirt An Cumann Gaelach gur ghlac an Ollscoil le "treoir oifigiúil ó oifig an Choimisinéara Teanga."
Dúirt siad gur cuireadh in iúl daofa "go soiléir" ag an chruinniú go mbunófar "grúpa oibre laistigh den ollscoil chun polasaí cuimsitheach don Ghaeilge a fhorbairt" ach gur "chuir an Cumann Gaelach béim ar an dóigh gur bhain QUB leas as na grúpaí oibre seo chun moill a chur ar fhorbairtí don Ghaeilge ar champas roimhe."
Dúirt an Cumann go mbeadh siad "drogallach muinín a chur" i gcur chuige na ngrúpaí oibre "mura mbeadh coimitmint phoiblí suntasacha agus trédhearcacha tugtha roimh ré."
Deir an Cumann go bhfuil "teachtaireacht shoiléir" acu don Ollscoil agus gur "gá don Ollscoil meas a léiriú agus éisteacht le héilimh na mac léinn."
Chuir an grúpa "trí éileamh" chuig an Ollscoil agus deir siad go ndéanfaidh siad "gníomh díreach" mura ndéanann an ollscoil gníomh maidir leo faoin 18 Samhain. Deir an Cumann Gaelach go bhfuil siad ag éileamh "coimitmint phoiblí ó QUB maidir le forbairt Pholasaí Gaeilge chuimsitheach le clár ama soiléir."
Deir siad gur mhaith leo "comhaontú le aghaidh athchuireadh láithreach" ar chomharthaí dátheangacha in Aontas na Mac Léinn, agus deir siad gur mhaith leo "litir tacaíochta" ón Ollscoil chuig Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag moladh "bloc-iarratais le haghaidh comharthaíocht dhátheangach" maidir le foirgnimh ar leis an Ollscoil iad.
Maíonn an Cumann go bhfuil "drogall neamhdhaonlathach" ar Ollscoil na Banríona "coimitmint chuí a thabhairt do sholáthar na Gaeilge" agus go bhfuil "dearcadh coilíneach I leith na Gaeilge" á thaispeáint san ollscoil.
"Is oth leis An Cumann Gaelach a rá nach raibh an Ollscoil in ann, go dtí seo, coimitmint phoiblí fhíor a thabhairt maidir le campas atá níos dátheangaí, níos cuimsithí agus fáilteach a chinntiú" a chríochnaíonn an ráiteas.
Dúirt Eoghan Ó Conghaile go mbeidh orthu "gan a bheith ag glacadh páirt sa ghrúpa oibre" mura bhfuil an Ollscoil "sásta na trí éileamh a dhéanamh."
"Sílim go bhfuil ceisteanna ollmhóra ar Aontas na Mac Léinn fosta nach bhfuil ag comhlíonadh an mandate sin. Tá brú ar an Aontas chun seo a chur fríd an Ollscoil agus a bheith á bhrú seo," ar seisean.
Iarradh ráiteas i mBéarla ar Ollscoil na Banríona. Dúirt urlabhraí ar son na hOllscoile an méid seo a leanas.
"Queen’s University Belfast recognises the importance of language, culture and identity as part of a diverse and inclusive campus community. The University already undertakes considerable activity in these areas and has had ongoing engagement with both the Irish Language Commissioner and the Commissioner for Ulster Scots and the Ulster British Tradition since their appointment alongside ongoing engagement with the elected SU President and the SU Officers since the student referendum.
"The Irish Language Commissioner has provided draft guidance to universities, and Queen’s University Belfast will continue to engage constructively with the Commissioner, alongside our students, staff, alumni and relevant statutory partners, as part of our established collaborative approach.
"The University remains committed to considering future developments relating to the Irish language within the context of a wider, coherent policy framework. Any new commitments or measures will need to be carefully assessed alongside the University’s existing priorities, operational responsibilities and financial sustainability as the university is currently operating in a deficit.
"This consideration must also take account of the significant and ongoing uncertainty surrounding public funding, including ongoing reductions in government support and declining income from international activities.”



