Caithfear súil ghéar ar an ghníomhaíochas in Éirinn in sraith úr de chuid TG4, agus ní fhágfar na Feirstigh ar lár.
Sa tsraith 'Gníomhaí' fiosróidh an ceoltóir agus an ghníomhaí Oisín Mac bunús, spreagadh agus spiorad buan an ghníomhaíochais in Éirinn. Caithfidh sé súil siar ar stair an ghníomhaíochais agus caithfidh sé súil ar fheachtasaíocht an lae inniu. Buailfidh sé le daoine a bhfuil an saol caite acu i mbun gníomhaíochais
Buailfidh Oisín le beirt Fheirsteach mar cuid den tsraith, Fearghal Mac Ionnrachtaigh san áireamh. Is gníomhaí aitheanta é Fearghal a bhfuil obair mhór déanta ar son na Gaeilge agus ar son a phobail leis na blianta. Tá sé ina stiúrthóir le Glór na Móna agus bíonn sé ag feachtasaíocht leis An Dream Dearg.
Beidh deis ag lucht féachana aithne a chur ar an ealaíontóir sráide as Béal Feirste Wee Nuls a bhfuil clú agus cáil uirthi as a cuid ealaíne agus múrphictiúir ar fud na cathrach.
Oisín agus Wee Nuls
Deir TG4 go bhfiosróidh Oisín na rudaí a spreagann daoine chun "áirithe beart a dhéanamh i gcoinne éagóracha an tsaoil," agus go mbeidh sé ag iarraidh a fháil amach cá as a dtagann "an spreagadh, an mhúscailt, an diongbháilteacht" agus "an dúil sa ghníomhaíochas."
Beidh scéal Oisín fite fuaite i scéal an chláir, mar a chuireann sé ceisteanna air féin faoina thuras leis an ghníomhaíochas.
Craolfar Gníomhaí ar an 23 Samhain ag 9.00i.n. agus ar TG4+




