Is ionann teacht na Nollag agus teacht na ngeamaireachtaí, agus is amhlaidh an scéal i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Cuirfear geamaireacht na Nollag 2026, Luathríona, ar an ardán ar an 29 Samhain agus ar an 5 Nollaig.
Is é Conall Mac Corraidh scríbhneoir agus stiúrthóir an dráma, ach tá níos mó ná an dá ról sin aige chomh maith!
View this post on Instagram
"Is mise an leasmháthair uafásach sa dráma fosta! So tá ról mór agam ann," ar seisean. "Bím deas. Bím cineálta uaireanta. Agus bím uafásach agus millteanach, agus mar dhragún fosta."
Deir Conall go bhfuil sé tábhachtach seónna cosúil le geamaireachtaí a chur ar siúl le linn na Nollag, nó go gcuidíonn siad le daoine gruaim an gheimhridh a shárú.
"Is seans é dúinn theacht le chéile chun an Nollaig a cheiliúradh. Ag an am seo den bhliain tá sé iontach dorcha," ar seisean. "Bíonn muid uilig inár suí sa teach ag amharc ar an teilifís. Seo deis theacht amach agus eispéireas ar leith a bheith agat le linn an gheimhridh.
"An rud is mó faoin gheamaireacht ná gur léir mór craic é, agus don teaghlach ar fad fosta."
Tá an grúpa ag léiriú geamaireachta do dhaoine fásta den chéad uair i mbliana chomh maith, rud atá ina eispéireas éagsúil do Chonall.
"Ní ghnáthrud é," ar seisean. "Thiocfadh leis dul bealach ar bith! Tá muid ag dul a chur athruithe beaga isteach. Ní bhíonn na rudaí atá greannmhar do pháistí greannmhar do dhaoine fásta.
"Tchfídh muid na rudaí greannmhara do dhaoine fásta sa gheamaireacht s'acu, agus b'fhéidir go mbeidh cúpla mionnaí móra istigh ansin fosta!"
Seo í an dara bhliain don ghrúpa ag léiriú na geamaireachta, agus tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ina spás luachmhar daofa don léiriú.
"Bíonn léir mór rudaí ag dul ar aghaidh sa Chultúrlann. Bíonn ranganna anseo agus daoine ag teacht is ag imeacht an t-am ar fad, agus bíonn muidne anseo ag cur isteach ar achan duine!"
"Tá léir mór prapaí le tógáil, bíonn culaithe ar leith le fáil. Bím i mo shuí go haon a chlog ar maidin achan oíche ag amharc ar Vinted! Tá léir mór a théann ar aghaidh taobh thiar den ardán, ach tá muid ar bís!"
Is féidir le daoine ticéidí a cheannach ar shuíomh na Cultúrlainne nó fríd na meáin sóisialta. Beidh an chéad léiriú ar an 29 Samhain agus an dara léiriú ar an 5 Nollaig. Beidh seó na ndaoine fásta ar an 5 Nollaig chomh maith.




