Beidh cúigear faoi leith a rugadh i ndiaidh fhógairt an tsosa cogaidh 1994 faoi chaibidil i gclár faisnéise úr ar TG4, Feirstigh ina measc.

Feicfear Aoife Enright as Iarthar Bhéal Feirste agus an rapálaí mór le rá Young Spencer as Eastát na Seanchille sa chlár 'Glúin an tSosa Cogaidh,' a chraolfar ar TG4 Dé Máirt seo chugainn ag 9.30.

Cluinfear scéal Órlaith Mac Eoin Manus, as Baile Uí Mhurchú ó dhúchas í, agus scéal Andrew Clarke as Oirthear Bhéal Feirste a bhainistíonn an leathanach mór le rá ar Instagram, Tanistry. Cluinfear scéal Shéamais Mhic Eochaidh as Droichead Mhaigh Eo fosta, a oibríonn ag cur na Gaeilge chun cinn i measc daoine óga de bhunadh éagsúil ar fud an oileáin.

Rugadh gach duine acu i ndiaidh shos cogaidh na bliana 1994, agus roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. Tá 30 bliain slán ag gach duine de na rannpháirtithe le tamall anois, nó iad ag teannadh leis, tráth cinniúnach a chiallaíonn go bhfuil machnamh ar bun acu, ní hamháin ar an am a caitheadh, ach ar a bhfuil i ndán chomh maith. 

Ba é an comhlacht léiriúcháin as Béal Feirste, Clean Slate Television, a léirigh an clár do TG4. Bhí Eve Logue mar stiúrthóir agus léiritheoir, agus bhí Josh Bell mar stiúrthóir fótagrafaíochta agus mar chomhléiritheoir. Fuair an bheirt an maoiniú don chlár i mí na Bealtaine 2025, agus thosaigh siad ag scannánú le linn an tsamhraidh sin. 

"Bhí sé fóirsteanach go ndéanfainn féin agus Eve an clár seo, mar go bhfuil muidne mar chuid den ghlúin chéanna," a dúirt Josh.

"A luaithe is a fuair mé amach go bhfuair muid an t-airgead leis an chlár a dhéanamh, mhothaigh mé go raibh an t-ádh orainn clár a dhéanamh faoin ghlúin s'againne. 

"Rud suimiúil faoin ghlúin seo ná go bhfuil réimse eispéiris ann. Daoine a raibh tionchar díreach ag na Trioblóidí orthu agus a bhfuil an lorg sin le mothú go fóill. Bhí muid ag iarraidh amharc ar na daoine sin agus an spás a thabhairt do dhaoine a gcuid scéalta féin a insint."

Buaileann an lucht féachana le hAoife Enright as Iarthar Bhéal Feirste sa chlár. Scaoileadh athair Aoife, Terry Enright, nuair nach raibh Aoife ach bliain d'aois, agus oibríonn Aoife i naíonra anois.

"Tá sí ag iarraidh rud éigin a thabhairt ar ais don chéad ghlúin eile, agus is cosúil go raibh a hathair mar an gcéanna." arsa Josh.

Feictear an rapálaí as Bóthar na Seanchille, Young Spencer, sa chlár chomh maith. 

2Gallery

Leanann Josh ar aghaidh, "Is ealaíontóir ceart é agus fear iontach tuisceanach. Is cinnte gur fear bródúil de chuid na Seanchille é, ach mothaíonn sé Éireannach Tuaisceartach agus Éireannach chomh maith. Níl sé teoranta ag cultúr amháin. 

"Cé go bhfuil cuid mhór cúlraí éagsúla agus eispéiris éagsúla ag an ghlúin s'againne, tá an oiread i gcoitinne againn. Is mó i gcoitinn againn ná a scarann muid."

Dúirt Eve gur tháinig siad ar an oiread scéalta ón tréimhse sin go mbeadh sé dúshlánach iad uilig a chur i láthair. Tá í féin agus Josh beirt sna luath-thriochaidí, mar sin dúirt sí gur mhothaigh sé iontach nádúrtha aithne a chur ar na daoine seo agus am a chaitheamh leo.

Arsa Eve, "Baineann an clár seo le glúin iomlán. Léiríonn an cúigear atá againn a dtaithí féin. An dúshlán ba mhó a bhí againn ná go raibh an oiread guthanna ann, an oiread scéalta.

"Ach mhothaigh sé iontach nádúrtha am a chaitheamh leis na daoine seo, is dócha mar gurb ón ghlúin chéanna muid."

D'aontaigh an bheirt go raibh an oiread miondifríochtaí agus nuance i scéalta na ndaoine seo, agus go raibh orthu am agus spás a thabhairt daofa chun na scéalta a tharraingt amach. 

"Níl na rudaí seo simplí. Tá na daoine seo uilig ag iarraidh athruithe dearfacha a dhéanamh, cé go bhfuil scoilt ann go fóill," a dúirt Eve.

"Agus tháinig mise ar go leor rudaí úra chomh maith, rudaí nár smaoinigh mé orthu féin riamh."

Arsa Josh, "Solas agus scáth atá i gceist le beatha na ndaoine seo. Sílim go raibh tionchar éigin ag na Trioblóidí ar achan duine.

"Bhí orainn géilleadh don phróiseas, ar bhealach! Smaoineamh a bhí ann ar dtús, ansin bhí orainn na daoine cearta a aimsiú. Ach tá sárchumhacht ag Eve daoine a chur ar a suaimhneas. Agus bhí i bhfad níos mó ná post i gceist leis seo di."

Arsa Eve, "Roinn na daoine seo a gcuid scéalta go fial agus go hoscailte. Lig siad dúinn aithne a chur orthu agus bhí siad cróga agus ionraic linn."

Ghabh an bheirt buíochas leis na daoine eile a chuidigh leo an clár a dhéanamh, go háirithe le Méabh Fields, a raibh an bunsmaoineamh aici agus atá anois mar Eagarthóir Coimisiúnaithe do TG4, le Michael Quinn agus le Declan McGrath a bhí mar léiritheoirí feidhmiúcháin do Clean Slate Television, agus le Dearbhaile Flynn a bhí mar Eagarthóir Coimisiúnaithe ar dtús. 

Agus í ag déanamh tagartha do nuacht na seachtaine agus na scéalta ó Dhroim Crí, dúirt Eve gur meabhrú é an clár ar an athrú atá i ndiaidh a theacht ar an tsochaí anseo le tríocha bliain anuas.

"Agus muid i lár rudaí eile anois atá dár dtarraingt siar, sílim gur meabhrú maith é an clár seo go bhfuil an oiread sin daoine ann nach bhfuil ag iarraidh dul siar," ar sise.

Arsa Josh, "Déarfainn má amharcfaidh daoine air seo go dtuigfidh siad an t-athrú atá tagtha ar an tsochaí anseo le tríocha bliain anuas. D'athraigh an oiread sin in achar measartha gairid."

Craolfar Glúin an tSosa Cogaidh Dé Máirt 6 Deireadh Fómhair ag 9.30 ar TG4.