Bhí toscaireacht ó Thionól Náisiúnta na Catalóine i láthair ag Comhdháil i Warsaw na Polainne le gairid, áit ar ardaigh siad ábhair imní faoi shaoirse don phreas, shaoirse pholaitíochta agus faoin choiriúlú atá déanta ar an ghluaiseacht ar son neamhspleáchais na Catalóine.
Is grúpa é Tionól Náisiúnta na Catalóine, nó Assemblea, a thugann thart fá 93,000 duine le chéile ó achan ghné de shochaí na Catalóine. Bíonn siad ag obair go deonach chun neamhspleáchas na Catalóine a bhaint amach ar dhóigh shíochánta agus dhaonlathach.
Ba í Teresa Calveras ón Chatalóin a bhí mar ionadaí an tionóil ag an Chomhdháil, agus ghlac sí páirt in dhá sheisiún. Chuir sí béim ar thábhacht na hiriseoireachta neamhspleách agus guthanna criticiúla mar chuid den sochaí daonlathach, agus dúirt sí go raibh na guthanna seo i mbaol sa Spáinn.
D'ardaigh sí cás La Directa, eagraíocht meán de chuid na Catalóine a rinne tuairisc ar insíothlú ghluaiseachtaí shóisialta na Catalóine ag póilíní de chuid na Spáinne. Tá an dlí á chur ar La Directa ag an Gníomhaireacht um Chosaint Sonraí sa Spáinn mar gur fhoilsigh siad an t-eolas seo.
Dúirt Calveras gur chuir Ardán Shábháilteacht na n-Iriseoirí de chuid Chomhairle na hEorpa síos ar an chás seo mar "bagairt ar shaoirse na meán." Dúirt sí gur chóir go mbeadh iriseoirí agus na meáin ábalta iniúchadh agus tuairisciú a dhéanamh ar eachtraí a bhain le leas an phobail gan a bheith buartha fán dlí a bheith curtha orthu.
Phléigh an Bhean Uasal Calveras ábhar imní faoi leithcheal ar bhonn teanga, ar shaoirse cainte agus faoin choiriúlú mar gheall ar easaontas polaitíochta.
Chuir sí béim ar an dóigh ar chaith údaráis na Spáinne leis an ghluaiseacht ar son neamhspleáchais sa Chatalóin. Dúirt sí gur pléadh leis le dearcadh slándála agus coiriúla, cé go bhfuil sé síochánta agus daonlathach. Rinne sí tagairt don Tuairisc faoin Stád Sceimhlitheoireachta san AE i 2026 a chuir an gluaiseacht i láthair mar "rud a bhain le eitneanáisiúnachas," a dúirt sí. Dúirt sí go dtiocfadh lena leithéid "drochmhisneach a chur ar an phobal agus dlisteanacht a bhaint den ghluaiseacht."
D'iarr Calveras ar údaráis OSCE súil ghéar a choinneáil ar bhagairtí ar shaoirse cainte, comhlachais agus theacht le chéile sa Spáinn, go háirithe nuair a bhíonn tionchar acu ar mhionlaigh. D'impigh sí ar údaráis na Spáinne a chinntiú nach mbaintear mí-úsáid as córais frithscleimheoireachta in éadan easaontas polaitiúla nach bhfuil foréigneach.
Deir Tionól Náisiúnta na Catalóine go léiríonn a rannpháirtíocht sa chomhdháil an tiomantas atá acu chun neamhspleáchas a bhaint amach don Chatalóin, agus go n-ardóidh siad ábhar imní faoi bhunchearta agus shaoirsí os comhair an phobail idirnáisiúnta.





