Deir bean as Baile Átha Cliath a d'eagraigh rás trí Ghaeilge sa chathair gur mhaith léi amhlaidh a dhéanamh i mBéal Feirste do Sheachtain na Gaeilge na bliana seo chugainn.

Bhunaigh Anna Ní Chuillinn an club reatha Céim ar Chéim agus ar an 11 Deireadh Fómhair tháinig níos mó ná ceithre chéad duine chuig a himeacht 'Gaelathon,' rás cúig chiliméadar i bPáirc an Fhionnuisce. 

"Thosaigh sé le mo chlub reatha níos luaithe i mbliana. Thosaigh sé sin i mí Feabhra i bPáirc an Fhionnuisce," arsa Anna. 

"Bhí mé ag iarraidh seans a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid i suíomh sóisialta agus neamhfhoirmiúil.

Imríonn Anna leis an chumann peile lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, Na Gaeil Óga, agus tharraing sí ar an eispéireas sin leis an chlub reatha a thoiseacha.

"Bhí mé ag iarraidh spás a chruthú do gach éinne. Imrím féin leis Na Gaeil Óga, mar sin bhí mé ag iarraidh an pobal céanna a chruthú leis an reathaíocht, spórt agus an teanga le chéile. 

"Is maith liom féin a bheith ag rith agus ag déanamh rásanna. Chuaigh mé i dteagmháil le Baile Átha Cliath le Gaeilge agus le Conradh na Gaeilge agus thosaigh muid ag obair ar feadh sé mhí.

"Bhí an smaoineamh agam agus an taithí agam ar cén cineál ráis a bhí mé ag iarraidh ar an lá féin."

D'fhógair sí an rás ar líne agus díoladh amach é chomh gasta sin go raibh orthu céad spás eile a chur ar fáil.

"Thosaigh muid ag obair le hOifig na nOibreacha Poiblí freisin. I dtús báire, bhí thart fá 150 rannpháirtí le bheith ann, agus ansin chuir muid an fógra suas agus bhí sé díolta amach taobh istigh de lá nó dhó."

Ar lá an ráis féin, bhí cead ag an ghrúpa ceithre céad a bheith acu. 

Bhí freastal mór ar an rás i bPáirc an Fhionnuisce
2Gallery

Bhí freastal mór ar an rás i bPáirc an Fhionnuisce

Arsa Anna, "Ní bhíonn a fhios agat nuair a thosaíonn tú ag eagrú ócáide mar seo an mbeidh suim ag daoine ach b'iontach an méid daoine a raibh suim acu ann."

Ag caint léi faoi Bhéal Feirste, dúirt sí go raibh sí spreagtha ag an obair mhór atá á déanamh sa chathair le blianta ar son na Gaeilge, agus gur mhaith léi rás a dhéanamh anseo. 

"Ba bhreá liom rás a dhéanamh i mBéal Feirste. Bhí mé ag cur suas rudaí ar TikTok agus Instagram agus bhí a lán daoine ag rá liom chun rás a eagrú i mBéal Feirste. 

"Ba bhreá liom obair le club reatha atá ansin cheana féin, agus eagraíochtaí eile. 

Ba mhaith le hAnna imeacht bliantúil a dhéanamh den rith seo, agus deir sí go gcuideodh tuilleadh imeachtaí den chineál seo timpeall na tíre leis an sprioc sin a bhaint amach.

"Tá ócáidí mar seo an-tábhachtach. Tá siad spreagúil ó thaobh na Gaeilge de agus taispeánann siad do dhaoine go bhfuil an teanga fós beo.

"Tá an-speis ag daoine a bheith páirteach i rudaí mar seo. Uaireanta bíonn easpa muiníne ag roinnt daoine ach bíonn easpa imeachtaí ann freisin."

Is féidir teacht ar leathanach Anna ar Instagram @club_reatha