Nuair a chuir Brendan Loughran tús le gigeanna a eagrú ina theach féin ar Bhóthar Lios na gCearrbhach roinnt blianta ó shin, ba bheag a shíl sé go bhfásfadh an togra ina cheann de na hócáidí is mó éileamh sa tír.

Thosaigh an tsraith ghigeanna Tinteán mar go raibh an Feirsteach Brendan, ar cheoltóir den chéad scoth é, ina chónaí "i dteach lán cheoltóirí!"

"Bhí mé ansin ar feadh dhá bhliain. Bhí seomra suí iontach deas againn. Chuir mé ceolchoirm ar siúl ansin agus bhí sé chomh deas sin gur choinnigh mé ag dul é. 

Níl sé ina chónaí sa teach sin níos mó, ach dúirt sé go raibh an-éileamh ar na gigeanna agus gur thosaigh sé arís iad mar gheall air sin. 

"Rinne mé iad in áiteanna difriúla mar 'pop-ups' in spásanna éagsúla," arsa seisean.

Bíonn na ceoltóirí agus ealaíontóirí faoi rún don lucht féachana go dtí go dtagann siad amach, agus bíonn meascán de cheol agus d'fhilíocht ar siúl ar an oíche.

"Bíonn triúr aíonna speisialta ann, agus déanann siad fíche is a cúig bomaite an duine.

D'fhás an togra as cuimse le blianta anuas, agus tá roinnt de na ceoltóirí is mó sa tír i ndiaidh seinm ag gigeanna Tinteán. Rinne Birrd a gcéad gig sa teach, agus bhí ceoltóirí ar nós Beoga agus Brian Finnegan. 

"Is ón phobal ceol traidisiúnta mé féin, mar sin is maith liom go mbíonn ceol traidisiúnta ann i gcónaí.

"Bíonn an ceol sin sa choirnéal sa teach tábhairne cuid mhór, agus ní bhíonn daoine ag éisteacht go géar leis. I spásanna mar seo bíonn daoine ciúin agus ag éisteacht leis, agus cuireann sé iontas ar dhaoine an scil atá ag na ceoltóirí seo. 

"Is seans domsa iad na ceolchoirmeacha chun ardán a thabhairt do dhaoine agus do cheoltóirí a bhfuil suim agam iontu. 

Brendan Loughran, bunaitheoir Tinteán
2Gallery

Brendan Loughran, bunaitheoir Tinteán

Ba mhaith le Brendan níos mó comhráití agus cainteanna a thabhairt isteach amach anseo. Bhí cara leis ón Liobáin ag caint faoi chúrsaí ansin le déanaí, agus bhí aíonna aige ón Anaka Woman's Collective. Labhair Ainle Ó Cairealláin faoin ghiom atá aige sa Phalaistín fosta. 

"Tá suim mhór agam i gcúrsaí dlúthpháirtíochta, agus le cúpla bliain anuas tá mé i mbun eagraíocht dlúthpháirtíochta i mBéal Feirste maidir leis an chinedhíothú sa Phalaistín. 

"Ó tharla go raibh daoine ag éisteacht comh géar sin leis an cheol, shíl mé gur áit mhaith a bhí inti do dhaoine chun topaicí tábhachtacha a roinnt."

Cé gur mhaith leis atmaisféar draíochtúil agus dlúth na ngigeanna a choinneáil, dúirt sé gur mhaith leis tuilleadh a dhéanamh amach anseo. Déantar iad uair sa mhí ag an bhomaite, agus ní tharlaíonn siad ar chor ar bith ó am go chéile. Anois agus Brendan saor óna chuid staidéir, ba mhaith leis patrún níos leanúnaí a chothú.

"Ba mhaith liom é a choinneáil beag ar dhóigh éigin, ach ba mhaith liom an rud iomlán a fhás chomh maith. Ba mhaith liom níos mó gigeanna bheith agam agus rud níos leanúnaí a bheith agam. 

"Caithfidh mé buíochas a ghabháil le Rí-Rá a thugann maoiniú dom. Bheadh sé dodhéanta seo a dhéanamh gan iad mar is maith liom na ceoltóirí a íoc mar is ceart, ar ndóighe. 

"Bímse i gcónaí ag amharc amach do dhaoine ar mhaith leo 'collabs' a dhéanamh. Ba mhaith liom camchuairt tíre a dhéanamh amach anseo fosta, agus cúpla imeacht a scannánú chomh maith. Tá atmaisféar ar leith ann."