Tá múinteoir agus bean a bhfuil cónaí uirthi ar Bhóthar Gharbhachaidh i ndiaidh labhairt amach faoi na himpleachtaí a bhéas ag an tsáinn ar pháistí na scoileanna áitiúla.

Dúirt Katie Neeson, atá ina cónaí ar an Bhóthar ar feadh a saoil, go bhfuil na páistí ina rang ag iarraidh dul ar scoil agus gan a bheith buartha faoi fhoréigean ná eagla a bheith orthu. Bhí Bunscoil Eoin Baiste druidte Dé Luain mar gheall ar imní shlándála. 

"Teagascaim rang a ceathair agus a cúig. Sin seacht agus ocht mbliana d'aois. Ní thuigeann duine ar bith acu. Tá siad ag iarraidh saol a bheith acu gan cosc ná bác. Tá sé seo go hiomlán ar mire. Ní chreidim go bhfuil sé ag tarlú. 

"Ba mhaith linn go mbeadh na páistí ábalta saol s'acu a chaitheamh mar ba mhian leo, go síochánta."

Tháinig Katie amach ar an Bhóthar leis na mílte eile Dé Sathairn, agus deir sí go bhfuil an pobal agus na daoine thart orthu iontach neirbhíseach. Mhol sí na grúpaí eile a tháinig chun tacú leis na cónaitheoirí fosta. 

"Tá muid anseo ó bhí an Satharn ann agus níor bhog muid ó shin," ar sise. "Tá muid uilig iontach buartha agus neirbhíseach. Tá sé ag cur isteach ar chuid mhór daoine."

"Tá muid tógtha mar gheall ar an méid daoine atá anseo chun tacaíocht a thabhairt dúinn, agus tá muid fíorbhuíoch," a dúirt sí. "Tá muid ag iarraidh achan duine a choinneáil sábháilte."

Ag caint léi faoi dhruidim na scoile, dúirt Katie go raibh sé tábhachtach na páistí a choinneáil slán, go háirithe nuair nach raibh an oiread sin eolais ag cónaitheoirí ar cad é a tharlódh ar an Bhóthar. 

"Ní raibh muid cinnte cé a bheadh ag teacht ar an bhóthar, mar sin an rud ab fhearr le déanamh ná na páistí uilig a choinneáil sa teach, agus sílim go bhfuil na scoileanna ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do dhaoine. 

"Níor mhaith linn go mbeadh eagla ar na páistí nó go mbeadh sé seo ag cur isteach orthu sa todhchaí."

Tá teaghlach Katie ina gcónaí ar an Bhóthar leis na blianta agus cuimhne acu ar Aighneas Dhroim Crí ó na luathlaethanta. 

"Ag amharc ar aghaidheanna mo chlainne nuair a tháinig an scéal amach. Bhí mo mhamaí ag caoineadh. Bhí m'aintín ag caoineadh. Bhí mo dhaidí buartha. Níor mhaith leo go dtógfaí páistí eile leis an eagla sin. 

Ar sise, "Tá mise ocht mbliana is fiche d'aois. Níor rugadh mé nuair a tharla seo ar dtús. Níl cuimhne agam air. Níor tharla seo riamh dom. Agus bhí mise buartha. Bhí eagla orm. Bhí mise ag caoineadh. 

"Tá mo dheartháir cúig bliana déag d'aois agus bhí sé sin ag cur isteach air. Bhí sé sásta seasamh ar an bhóthar ach bhí muidne ag iarraidh é a chur sa teach. Níl a fhios acu faoi seo. Níor mhaith leo a bheith ag smaoineamh go bhfuil an fuath sin ag daoine sa phobal eile orthu.

"Ach tá sé scanrúil. Tá muid uilig buartha. Níl muid ag iarraidh tráma a fhágáil ar dhuine ar bith."