Tá an fhoireann agus an t-ábhar ag fás i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Thosaigh an Dr Nina Cnockaert-Guillou i bpost úr buan mar Léachtóir le Gaeilge i Scoil na nEalaíon, an Bhéarla agus na dTeangacha.
Is as Normainn na Fraince í an Dr Cnockaert-Guillou ó dhúchas. Le linn di a bheith ag staidéar an Bhéarla in Université Sorbonne Nouvelle i bPáras, bhog sí go Coláiste na hOllscoile Corcaigh chun bliain Erasmus a dhéanamh in 2017, áit ar thit sí i ngrá leis an teanga agus leis an tír.
"Bhí rang do ghlantosaitheoirí ann. Thosnaigh mé ar rang ar an tSean-Ghaeilge chomh maith. Dhírigh mé ar an Sean-Ghaeilge ar feadh tamaill agus rinne mé máistreacht in UCC chomh maith."
Máistreacht sa Ghaeilge Luath agus Mheánaoise a rinne Nina i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, sular thug sí faoi dhochtúireacht ar na tréimhsí níos déanaí, ar an Mheán-Gaeilge agus Nua-Ghaeilge Mhoch.
"Ansin thosnaigh mé ag foghlaim na nua-Ghaeilge mar is ceart arís," a dúirt sí.
Tagann suim an Dr Cnockaert-Guillou sna teangacha, agus go háirithe sna teangacha Ceilteacha, óna máthair arb as an Bhriotáin di ó dhúchas. Chothaigh a máthair an tsuim sin i Nina nuair a bhí sí ag fás aníos sa Normainn.
"Nuair a bhíos óg bhí na scéalta againn agus bhí suim aici sna scéalta Ceilteacha, agus sa cheol traidisiúnta chomh maith. Tógadh mé le Planxty agus The Bothy Band!"
Mar atá soiléir ó ábhar a cuid taighde go dtí seo, is i stair na teanga atá suim agus paisean Nina. Bhí sí ag plé leis an téacs Agallamh na Seanórach, an téacs is tábhachtaí san Fhiannaíocht, mar chuid den Disappearing Text Project i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh leis an tOllamh Caoimhín Ó Muirigh, an tOllamh Geraldine Parsons, agus an Dr Cian Ó Cionnfhaolaidh.
"Tá suim as cuimse agam sna tréimhsí stairiúla den teanga, agus go háirithe sa litríocht, sna lámhscríbhinní agus sa phróis."
Ag caint léi faoi Agallamh na Seanórach, dúirt sí "Tá seacht leagan den téacs againn agus níl aon eagrán criticiúil againn. Tá seaneagrán againn ó 1900, mar sin tá eagrán eile de dhíth orainn.
"Bhí gach duine sa tionscadal ag díriú ar eagrán amháin agus ag plé le difríochtaí idir na leaganacha agus ag iarraidh na rudaí sin a chur in iúl agus a chur i leabhar ceart.
"Scríobhadh an téacs sin sa tríú haois déag, ach tá rinneadh é a athscríobh arís is arís go dtí an naoú haois déag. Tá tréimhse iontach fada ann agus is breá liom a bheith ag féachaint ar na difríochtaí éagsúla sa téacs. Cad a tharla agus cén fáth, agus na nascanna idir lámhscríbhinní agus an téacs."
Cé nach mbeidh an t-am anois ag Nina a bheith ag obair ar an tionscadal sin go lánaimseartha, beidh sí go fóill mar eagarthóir comhlach agus ag déanamh eagráin de leagan amháin den téacs.
Tá 84 mac léinn ag dul don Ghaeilge sa chéad bhliain ar Ollscoil na Ríona i mbliana, uimhir a chuireann an-áthas ar Nina. Ba mhaith léi tarraingt ar a cuid staidéir féin agus í i gceannas ar mhodúl a bhaineann le miotaseolaíocht na hÉireann.
"Beidh mé ag teagasc scéalta ársa na hÉireann agus gach rud faoi na déithe, na síoga, an domhan eile," ar sise.
"Bhí mé ag teagasc mo chéad ranga agus ag smaoineamh go raibh gach duine anseo chun scéalta an séú haois a thuiscint agus a léamh agus tá sé sin go hiontach.
"Tá súil agam go mbeidh an méid seo againn an bhliain seo chugainn. Is mór an onóir dom a bheith anseo agus ceaptha sa phost seo. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis agus déanfaidh mé mo dhícheall a bheith chomh maith agus is féidir.
Ar sise, "Tá sé soiléir go bhfuil suim mhór ag na mic léinn sa teanga agus i gcomhthéacs na teanga chomh maith. Tá súil agam go mbeidh an tsuim chéanna acu i stair na teanga!"
Ag caint léi faoi fhorbairtí sa ról amach anseo, dúirt an Dr Cnockaert-Guillou gur mhaith léi tuilleadh teagaisc a dhéanamh agus gnéithe úra a thabhairt isteach. Dúirt sí fosta gur mhaith leis airgead a fháil chun ligean do dhuine dochtúireacht a dhéanamh chomh maith.
"Tá mé ag súil go mór leis an teagasc a fhorbairt agus a bheith ag teagasc níos mó, idir Nua-Ghaeilge agus b'fhéidir Sean-Ghaeilge ag pointe éigin, agus an litríocht chomh maith. Ba mhaith liom mo chuid taighde a fhorbairt chomh maith agus tionscadal taighde a dhéanamh ag pointe éigin."
Tá sé soiléir go bhfuil sí ag dúil go mór leis an chéad bhliain amach roimpi, agus go bhfuil sí ar aistear leis an teanga mar atá na mílte eile anois ar fud an domhain.
"Táim an-bhuíoch a bheith anseo, agus go bhfuil muinín ag daoine ionam. Ní chreidim é go fóill! Is as an Fhrainc dom agus tá mé ag teagasc na Gaeilge anois. Bhraith mé go raibh mé i m'fhoghlaimeoir agus anois tá mé ar an taobh eile, agus tá sé sin dochreidte domsa."





