Tá tús curtha leis an léiriúchán ar scannán úr grinn i nGaeilge atá á dhéanamh ag comhlacht léiriúcháin as Béal Feirste.
Rinneadh 'Baile' a choimisiúnú fríd an scéim Gealán de chuid BBC Thuaisceart Éireann, TG4 agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann. Is é comhlacht Feirsteach Village Films atá ag léiriú an scannáin.
Leanann an dráma grinn seo Bríghid, bean neamhspleách a bhfuil céad lorg na néaltraithe uirthi, agus an caidreamh atá aici le glantóir óg darb ainm Naomi.
Impíonn Bríghid ar Naomi í a thiomáint ó Bhéal Feirste go dtí a ceantar dúchais i gContae Dhún na nGall, agus téann siad ar eachtra nach raibh ceachtar acu ag dúil léi. Inseofar scéal bheirt bhan atá ar dhá cheann an tsaoil sa scannán, agus pléifear cairdeas, neamhspleáchas, cad é atá i gceist leis an bhaile, agus cad é mar a chinntíonn muid nach gcailleann muid an cineál duine atá ionainn nuair a bhéas athrú saoil ann.
Is í Marion O'Dwyer a bhéas i ról Bhríghde sa scannán, agus Hazel Doupe a bhéas i ról Naomi. Déanfar é a scannánú in áiteacha éagsúla ar fud an tuaiscirt, Béal Feirste, Maigh Rath agus Trá Thigh Rala san áireamh. Déanfar scannánaíocht i dTír Chonaill chomh maith.
Dúirt léiritheoir agus stiúrthóir an scannáin do Village Films, Aideen Hand, go bhfuil siad fíorbhródúil as tús a chur leis an léiriúchán.
"Is scéal mothúchánach agus daonna é seo a phléann an chuimhne, an cairdeas agus na nascanna nach mbíonn tú ag súil leo ach a mbíonn tionchar mór acu ar ár mbeatha.
"Tá foireann den chéad scoth againn, le Hazel Doupe agus Marion O'Dwyer sna príomhróil, a thabharfaidh carachtair an scríbhneora Christina Carty chun beatha."
Ar sise, "Tá muid fíorbhuíoch do BBC Thuaisceart Éireann, do TG4 agus don Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann as a bheith ag tacú le scannán uaillmhianach atá idir áitiúil agus uilíoch."
Dúirt Eddie Doyle, Ceannasaí Coimisiúnaithe le BBC Thuaisceart Éireann gur scéal "croíúil agus daonna a phléann an cairdeas" é Baile, agus go bhfuil siad ag dúil go mór leis an scannán a chur os comhair an lucht féachana.
Dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4, go bhfuil siad thar a bheith sásta tacú leis agus go bhfuil TG4 tiomanta "do dhráma Gaeilge ar ardchaighdeán a dhéanamh, agus a bheith ag tacú le scéalta sainiúla a bhfuil foireann láidir acu."
Ar sise, "Tugann Baile cliar agus foireann léiriúcháin chumasach le chéile, agus léiríonn sé tábhacht ár gcomhpháirtíochta leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus le BBC Gaeilge."
Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, go bhfuil siad ar bís a bheith ag tacú le Baile agus le hiaroiliúnaí de chuid an CCG, Aideen Hand.
"Is clochmhíle suntasach eile é tús an léiriúcháin ar Baile don scéim Gealán, agus is fianaise é ar chumhacht ár gcomhpháirtíochta le BBC Gaeilge agus le TG4," ar sise.
"Tá muid ag cruthú deiseanna le chéile do léiritheoirí, do scríbhneoirí agus do chruthaitheoirí chun ábhar Gaeilge uaillmhianach a fhorbairt, agus chun earnáil scannán na Gaeilge a láidriú, agus próifíl scéalaíocht na Gaeilge a ardú go hidirnáisiúnta."





