Tá Banna Feirsteach ag tabhairt chun stáitse ar an tSráidbhaile i gContae Laoise, mar sheinneann siad ceol óna n-albam úr ag an fhéile.

Bunaíodh The Shan Vans in 2023 i mBéal Feirste. Tá ceathrar sa bhanna ar an iomlán; Brendan McGlone, Colm Gillen, Caolan Fitzsimons agus Jake Óg Mac Siacais. Deir Jake Óg gur thug Féile an Phobail cuid mhór inspioráide daofa na banna a chur ar bun.

"Is iad Kneecap agus The Whistlin' Donkeys agus Jun Tzu ar na daoine ar fhás muidne aníos ag amharc orthu. Bhí Jun Tzu ar an chéad rapcheoltóir a chuala mé iomrá air as Béal Feirste, ach amharc anois ar an chathair.

"Chuaigh Féile an Phobail go mór i bhfeidhm orm nuair a bhí mé ag fás aníos. Bhí mo mhamaí ag obair ar Fhéile an Phobail mar sin bhí mé i gcónaí thart ar eagraíochtaí ealaíne.

"Ba ghnách liom a bheith ag seinm liom féin, ag déanamh 'covers,' ach ní raibh sé sin ag comhlíonadh m'anama."

Ba ag ceolchoirm de chuid Fontaines DC sa Halla Uladh a lasadh splanc in Jake Óg agus sna daoine eile sa bhanna. 

"Mí na Nollag 2022 a bhí ann. Agus dúirt mé liom féin go raibh sé go hiomlán indéanta rud éigin a chur le chéile agus triail a bhaint as. Bhí cuid mhór rudaí áitiúla ag dul i bhfeidhm orainn agus dúirt muid go rachadh muid sa seans."

Rinne siad roinnt amhrán in 2023 agus 2024, agus chaith siad 2025 ag obair ar fhíseán ceoil agus comhthogra ealaíona le céad ealaíontóirí eile. Déanann an banna cuid mhór den taifead agus den mheascadh leo féin, rud a chiallaíonn go bhfuil smacht iomlán acu ar a gcuid ceoil.

Meascán de stíleanna ceoil a bhíonn á seinm ag an bhanna. Bíonn nósanna díchoilínithe agus féiniúlachta ag croílár a gcuid ceoil. Is i nGaeilge a bhíonn sé don chuid is mó, le go leor Béarla ann le gur féidir le duine ar bith an ceol a leanstan, a deir Jake Óg. 

Anois tá EP úr curtha le chéile acu, nach bhfuil ainm leis go fóill. Tá siad ag dúil lená sheoladh ag deireadh na bliana.

"Tá an chéad 'body of work' réidh le dul amach. Beidh muid ag seinm ar an ardán in áit darb ainm Global Green. Is áit mhór dhlúthpháirtíochta í ag EP.

"Beidh an seit ag toiseacht ag a 7 Dé Sathairn, i bpuball darb ainm 'The Elements of Change Tent.'"