Beidh beirt as Béal Feirste ag taisteal go Sasana le himirt ar son na hÉireann an deireadh seachtaine seo. 

Tá áit ag Joe Mac an Fhailí agus ag Rian McShane ar fhoireann de chuid Chumann Sacair Gaeilge, foireann lán-Ghaeilge a bhéas ag imirt cluiche in éadan Khalistan ag an deireadh seachtaine in Wolverhampton. 

Ba iad Oisín Mac Éo as Doire, agus Coilín Duffy as Contae Laoise a chuir an fhoireann le chéile, le deiseanna sóisialta as Gaeilge a chur ar fáil d'imreoirí sacair. Tá aitheantas oifigiúil idirnáisiúnta ag an fhoireann anois. Tugadh sin di anuraidh ó eagraíocht darb ainm CONIFA, Confederation of Independent Football Associations. Déanann siadsan ionadaíocht ar náisiúin, réigiúin, mionlaigh agus grúpaí cultúir nach bhfuil aitheantas oifigiúil acu ó FIFA.

Tá aitheantas ag foirne eile ar nós Kurdistan, na Tibéide agus Fhoireann do Theifigh na Palaistíne.

Cé nach bhfuil mórán traenála déanta mar fhoireann acu go fóill, dúirt Joe Mac an Fháilí go bhfuil sé ag dúil go mór leis an deireadh seachtaine.

"Beidh ár gcéad seisiún traenála againn maidin Dé Sathairn, agus ár gcéad chluiche tráthnóna Dé Sathairn!

"Tá léinte úra againn, agus is fíor-fhoireann de chuid na tíre seo muid. Tá thart ar dhuine is fiche imreoir ar an fhoireann."

Ag caint leis faoin ionadaíocht a dhéanamh ar son na tíre, dúirt Joe go bhfuil an-bhród air, agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na deiseanna sin ar fáil do Ghaeilgeoirí.

"Is iontach an rud é a bheith ag imirt ar son na tíre. B'fhéidir nach mbeidh an caighdeán ró-ard, ach tá mé ag dúil go mór le himirt ar son na tíre agus ar son an chéad fhoireann sacair lán-Ghaeilge sa tír.

"Tá an méid deiseanna seo anois ag Gaeilgeoirí, agus chun saol trí Ghaeilge a bhaint amach caithfidh na deiseanna sin a bheith ar fáil."