Ceapadh bean as Dún na nGall i ról úr le déanaí a bheas freagrach as ábhar cartlainne a bhaineann le scéal na Gaeilge i mBéal Feirste a chaomhnú agus a chur le chéile.
Thosaigh Moya Ní Dhuagáin, arb as Bun a' Phobail i nDún na nGall ó dhúchas di, mar Oifigeach Oidhreachta agus Cartlainne leis an togra GaelStair, atá lonnaithe i Spórtlann na hÉireann. Beidh dualgas uirthi ábhar a bhaineann le scéal na teanga sa chathair a bhailiú agus a dhéanamh inrochtana don phobal.
Tá Moya ar bís a bheith ag obair leis an chartlann Ghaeilge is mó sna sé chontae.
"Ba mhaith linn go mbeadh GaelStair ina cartlann bheo. Ba mhaith linn go mbeadh daoine in ann teacht agus rudaí a léamh agus teacht ar an ábhar seo. Tá sé iontach tábhachtach dúinne gur cartlann bheo í agus go bhfuil sí ar fáil do dhaoine ar shlí dhaonlathach," arsa Moya.
"Ó thosaigh mé tá mé ag iarraidh cur leis an chartlann sin agus ba mhaith linn béim ollmhór a chur air sin."
Bhog sí go Béal Feirste deich mbliana ó shin agus cé go raibh sí as baile ar feadh tréimhsí éagsúla, deir sí go raibh Béal Feirste i gcónaí ina croí.
"Is cathair iontach í. Tá an stair chomh láidir sin. Níl an cultúr Gaelach chomh láidir i mo bhaile dúchais agus atá sé anseo. Tá an nós an phobail iontach láidir, agus tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil muid ag sábháil agus ag caomhnú scéalta na ndaoine sin."
Rinne Gaelstair na chéad taispeántais Gaeilge riamh san Iarsmalann Uladh agus sa Cheathrú Titanic, agus ba mhaith le Moya tuilleadh áiteacha a aimsiú ar fud na cathrach agus ar fud na tíre le taispeántais a chur ar siúl. Faoi láthair tá an fhoireann ag obair ar thaispeántas buan don Spórtlann, a mhíneoidh stair na Gaeilge sa chathair.
"Is áit iontach gnóthach í an Spórtlann, mar sin tá muid ag iarraidh go mbeidh rud éigin lonnaithe ansin. Is ionad trasphobail é an Spórtlann fosta, rud atá iontach tábhachtach dúinn. Is iontach go mbeidh muid in ann an taispeántas a bheith againn ansin.
"Tá mise i dteagmháil le grúpaí ó Chorcaigh go Dún na nGall agus tá suim ag daoine sa teanga ó thuaidh. Tá a fhios againn go bhfuil an réabhlóid teanga sa tuaisceart ag tarlú le blianta agus blianta.
"Caithfidh muid an chartlann a chaomhnú mar gheall ar an oidhreacht a bhaineann léi."
Tá Moya ag dul a fháil traenála ag Oifig na dTaifead Poiblí don tuaisceart ar obair an chartlannaí. Tiocfaidh roinnt daltaí ó Choláiste Feirste léi chun an oiliúint chéanna a fháil, rud atá thar a bheith tábhachtach, ar sise.
"Tá an saol iontach digiteach anois. Níl an oiread sin nuachtáin nó pictúirí against daoine óga anois sa tslí chéanna is a bhí ag glúin a dtuismitheoirí.
"Chuaigh daltaí Coláiste Feirste go Bóthar Seoighe ar an bhliain seo caite go dtí na tithe ansin agus chuig áiléir na dtithe. Fuair siad rudaí fá choinne na cartlainne agus b'iontach sin.
"Tá sé iontach tábhachtach a bheith ag obair leis an chéad ghlúin eile chun cur leis an chartlann. Caithfidh muid an chéad ghlúin eile a spreagadh chun an teanga a fhorbairt."
Deir Moya gur mhaith leis an togra ionad dá gcuid féin amach anseo, ach san am i láthair deir sí go bhfuil sé suntasach go bhfuil daoine ag obair go lánaimseartha ar stair na teanga i mBéal Feirste a chur ar an taifead go hoifigiúil.
"Ba mhaith liom GaelStair a chur i mbéal an phobail agus a rá le daoine go bhfuil an áit seo againn. Tá áit ag na Gaeil chun ár gcuid staire a chaomhnú."
Tá leathanaigh ag GaelStair ar líne @gaelstair, agus má tá ábhar ar bith ag daoine a shíleann siad a bheadh maith don chartlann, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Moya Moyadoogan@gmail.com nó sportlann1@gmail.com




