Bronnfar duais bhreise ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana mar a chuirfear tús leis an chatagóir do "Cruthaitheoir Gaeilge na Bliana."
Cuireadh tús leis na Gradaim Chumarsáide sa bhliain 1999 agus gach bliain déanann siad ceiliúradh ar earnáil na meán Gaeilge ar an teilifís, ar an raidió, ar an scáileán mhór agus anois ar na hardáin ar líne. Bronnfar Gradaim na bliana seo ag an ócáid bhronnta ar chéad lá d'Oireachtas na Samhna ar an 28 Deireadh Fómhair.
Chun a bheith incháilithe don ghradam, ní mór don chruthaitheoir a bheith ag baint úsáide as dhá ardán ilmheán ar a laghad; cúig mhíle leantóir ar a laghad a bheith acu san iomlán thar na n-ardán sin; a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn; ábhar a bheith eisithe acu ar na hardáin ilmheán le bliain anuas.
Tá fás nach beag i ndiaidh a theacht ar chruthú ábhair ar líne le blianta beaga anuas, lena leithéidí Máire Ní Churraoin, Laura Pakenham agus Molly Nic Céile ag carnadh na mílte leantóirí ar líne.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, gur comhartha í an duais úr ar fhás agus ar shláinte na Gaeilge ar líne.
"Léiríonn an gradam nua seo an tábhacht atá leis an nGaeilge a bheith beo agus bríomhar ar na hardáin dhigiteacha ina bhfuil daoine óga ag caitheamh a gcuid ama.
Ar sise, "Tá cruthaitheoirí ar fud na tíre agus thar lear ag cur go mór leis an nGaeilge a chur os comhair lucht féachana nua, agus is mór an onóir dúinn ag an Oireachtas an obair sin a cheiliúradh i mbliana."
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go bhfuil siad thar a bheith sásta tacú leis an duais.
"Aithnímid an ról ríthábhachtach atá ag cruthaitheoirí ilmheán maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn go nádúrtha i measc lucht féachana óg.
"Spreagaimid gach duine atá ag baint sult as ábhar Gaeilge ar líne ainmniúchán a dhéanamh, agus tacaíocht a thabhairt do na daoine cruthaitheacha atá ag cur go mór lenár dteanga a choinneáil beo ar na hardáin dhigiteacha."
Tá go dtí 5.00i.n. Dé Luain, 21 Meán Fómhair ag daoine le hainmniúcháin a chur isteach ar shuíomh Oireachtas na Gaeilge.


