Seolfar an chéad chór Ghaelach uile-oileáin mar chuid de thogra úr darb ainm GaelGhuth, i gcomhpháirtíocht leis An tOireachtas.
Tabharfaidh an togra seo amhránaithe le chéile as gach cearn d’oileán na hÉireann chun "an Ghaeilge a cheiliúradh ar bhealach cumhachtach trí mheán an cheoil," a deir An tOireachtas.
Is faoi stiúir an chumadóra agus an stiúrthóra ceoil iomráitigh Colm Ó Foghlú a bhéas an Cór, agus tá siad ag lorg amhránaithe "a bhfuil a bhfuil bua agus dúil acu sa cheol agus paisean acu don Ghaeilge agus don amhránaíocht chórúil."
Beidh fáilte roimh iarratais ó amhránaithe as gach contae agus ó chúlraí ceoil éagsúla. Deir siad go bhfuil sé mar aidhm acu "grúpa láidir agus éagsúil a thabhairt le chéile a léireoidh saibhreas ceoil, teanga agus sochaí na hÉireann, agus a chruthóidh fuaim chórúil nua atá fréamhaithe sa traidisiún ach ag féachaint go cróga chun cinn."
Ceolfaidh an grúpa idir shaothar nua agus cheol traidisiúnta, agus tabharfar deis do na hamhránaithe dul i ngleic le réimse leathan ceoil ar ardchaighdeán. Deir An tOireachtas go mbeidh "béim ar an gceoltóireacht, ar an gcomhoibriú, ar fhorbairt gutha agus ar an sásamh a bhaineann le bheith ag canadh mar chuid d’ensemble córúil den scoth."
Dúirt stiúrthóir an Chóir Colm Ó Foghlú go raibh i bhfad níos mó ná ceol amháin i gceist leis an Chór.
“Is ráiteas é GaelGuth faoinár bhféiniúlacht, faoin gcruthaitheacht agus faoin aontacht. Ba mhaith linn amhránaithe a thabhairt le chéile ó gach cearn den oileán a bhfuil fonn orthu rud éigin nua agus fiúntach a chruthú trí mheán na Gaeilge - rud atá fréamhaithe go domhain inár n-oidhreacht ach atá muiníneach, comhaimseartha agus uaillmhianach.”
Deir An tOireachtas go bhfuil "an togra ag teacht go dlúth le fís fhadtéarmach An tOireachtas maidir le deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge i saol cultúrtha comhaimseartha na hÉireann.
Ar siad, "Trí GaelGuth, cruthófar ardán úr uile-oileáin don amhránaíocht chórúil i nGaeilge, cothófar barr feabhais ealaíonta agus tabharfar deis d’amhránaithe ó phobail éagsúla cur le saol beo, cruthaitheach na teanga."





