Chuir glúin úr d'fhoghlaimeoirí Gaeilge tús lena n-aistear teanga ar an tseachtain seo caite, mar a thosaigh téarma úr de ranganna Gaeilge á reáchtáil ag an Chumann Gaelach. 

Cuireann an Cumann Gaelach ranganna ar fáil gach bliain san oíche le deis foghlama a thabhairt do scoláirí nach bhfuil ag dul don Ghaeilge san ollscoil, nó do bhaill foirne ar mhaith leo tabhairt faoin fhoghlaim. Tá siad saor in aisce do bhaill an Chumainn, agus tá cúig phunt orthu do bhaill foirne Ollscoil na Banríona nó do dhaoine nach baill iad. 

Dúirt Adhamh Sterio, Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Banríona, go bhfuil sé tábhachtach go gcuireann an cumann ranganna ar fáil san Ollscoil.

"Tá sé tábhachtach dúinn go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar fud na hollscoile, ní hamháin ag imeachtaí an Chumainn. B'shin é an fáth a raibh ár bhfeachtas ar son comharthaíochta dátheangaí chomh tábhachtach sin dúinn."

Ar seisean, "Nuair a fheiceann muid an Ghaeilge ar chomharthaí ar an champas, seolann sé teachtaireacht shimplí agus teachtaireacht chumhachtach; tá áit ag an Ghaeilge anseo, san ollscoil agus sa phobal."

Leanann an borradh faoin teanga ar aghaidh san ollscoil, mar a chláraigh níos mó daoine ná riamh chun céim nó comhchéim sa Ghaeilge a dhéanamh.

Bhí feachtas ar bun ag an Chumann Gaelach le roinnt blianta chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde ar fud an champais, agus tá scéim chónaithe bunaithe chun deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí a bheith ina gcónaí le chéile sna hallaí cónaithe.