Beidh macalla an cheoil le cluinstin go forleathan i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich le linn na míosa, mar a chuirfear dhá cheolchoirm speisialta i láthair mar chuid de chamchuairt náisiúnta.
Beidh 'Bóthar na Smaointe' agus 'An Uile Bhealach Abhaile' de chuid Stiúideo Cuan ar siúl san ionad ar Bhóthar na bhFál ar 17 Deireadh Fómhair.
Is iad na cumadóirí agus ceoltóirí mór le rá Aoife Ní Riain agus Colm Ó Foghlú a chuir an dá thionscadal le chéile.
Is saothar nua ceoil é Bóthar na Smaointe a thugann léargas uathúil ar thionchar an cheoil clasaiceaigh agus an cheoil thraidisiúnta ar Aoife Ní Bhriain, de réir mar a d'fhorbair sí a cuid scileanna mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan sa dá stíl cheoil sin.
Cíoraítear dúchas Choilm Uí Fhoghlú agus tionchar an cheantair Carna agus Iorras Aithneach air agus é ina fhear óg.
Is coimisiún agus togra de chuid Stiúideo Cuan iad seo, agus tá siad "mar chuid lárnach de chlár ealaíne an stiúideo." Deir siad go dtugann siad "ardán d'ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta saothair nua den chaighdeán is airde a chur os comhair an phobail.:
Dúirt Stiúrthóir Chruthaitheach Stiúideo Cuan, Darach Mac Con Iomaire, gur gné thábhachtach d'obair an chomhlachta ar a laghad ealaíontóir amháin seasta a bheith faoi choimisiún acu.
Ar seisean, "I measc na gcumadóirí a bhfuil coimisiún bronnta againn orthu le blianta beaga anuas, tá: Johnny Óg Connolly, Máire Breatnach, Peadar Ó Riada, Colm Ó Foghlú, Aoife Ní Bhriain agus Steve Cooney.
"Tá ríméad ar Stiúideo Cuan na mórshaothair thábhachtacha ceoil seo a thabhairt ar chamchuairt náisiúnta Fómhar seo."





