Beidh ceoltóir popGhaelach ag seinm ceoil óna halbam úr ar Bháirse Bhéal Feirste Dé Domhnaigh.
Chruthaigh Lisa Murray, arb as Gaeltacht Bhaile Ghib ó dhúchas di, an t-albam uair 'Abhaile' a tharraingíonn ar scéalta pearsanta s'aici féin. Tá dhá amhrán déag ar an albam agus leanann sé scéal Lisa agus í ar imirce agus ag tógáil saoil i Londain, sula ndéanann sí athcheangal leis an Ghaeilge agus go bpilleann sí abhaile go Baile Ghib.
"Tá mé ar bís," arsa Lisa, "Tá sé craiceáilte ach tá mé ar bís! Tá á lán oibre théis dul isteach sa tionscadal seo, tá mé réidh le scaoileadh leis anois agus é a chur amach."
Meascann sí Béarla agus Gaeilge ina cuid ceoil, ach ní mar sin i gcónaí a bhí sí.
"Scríobh mé amhrán darb ainm Uaigneach roinnt blianta ó shin. Bhí mé i mo chónaí thall i Londain ag an bpointe sin, agus ag smaoineamh faoin mbaile agus bhí mé ag aire uaim mo bhaile."
Scríobh sí an t-amhrán sin in oíche amháin, agus ó shin i leith tá sí ag cruthú ceoil go dátheangach.
"Ag an bpointe sin d'oscail mé bosca Pandora! Lean mé ar aghaidh ó shin ag cruthú i nGaeilge, agus ní raibh mé in ann stad ó shin.
Ar sise, "Mothaímse go bhfuil mé in ann a bheith i bhfad níos ionraice i nGaeilge ná i mBéarla. Sílim go mbaineann an 'inner-child' leis sin. Bhí leath de m'óige trí Ghaeilge agus mar sin nuair nach raibh mé ag scríobh i nGaeilge bhí leathchuid de mo phearsantacht fágtha ar leataobh agam."
Bhí Cian Sweeney as Birds of Paradise Studio i gCorcaigh mar chomhléiritheoir agus chomhscríbhneoir ar an albam.
"Bhí mé ag iarraidh go mbeadh an t-albam seo lonnaithe sa bpopcheol. B'shin an sprioc a bhí agam leis i gcónaí.
"Tá mé an-tógtha leis an dóigh ar féidir leis an Ghaeilge a thabhairt isteach sa phopchultúr agus í a roinnt ar fud an domhain."
Tá cuid mhór leantóirí ag Lisa ar líne, agus tá sí ag déanamh na bolscaireachta ar fad as a stuaim féin don cheol úr, rud atá ag obair go maith di is cosúil!
"Bíonn daoine ó gach cearn den domhan ag rá liom gur éist siad le mo cheol agus gur thosaigh siad ag foghlaim Gaeilge mar gheall air."
Beidh ceolchoirm Lisa i mBáirse Bhéal Feirste Dé Domhnaigh 27 Meán Fómhair. Osclaíonn na doirse ag a hocht a chlog. Beidh Eve Belle ag tacú léi agus is féidir ticéid a cheannach ar líne nó is féidir íoc ag an doras.





