Eagraíodh roinnt imeachtaí Gaeilge ar Bhóthar Gharbhachaidh Dé hAoine, mar a lean Sáinn Dhroim Crí ar aghaidh.
Thug an eagraíocht Ghaeilge as Béal Feirste, Ionad Uíbh Eachach, a gciorcal comhrá seachtainiúil 'Aoine na Gaeilge, chuig an Bhóthar, agus bhí cruinniú éigeandála de chuid Chonradh na Gaeilge ann chomh maith. Tagann na himeachtaí seo i ndiaidh athbhunú Chraobh Phort a' Dúnáin de chuid Chonradh na Gaeilge ar an tseachtain seo caite.
Dúirt Brian Mac an tSionnaigh ó Ionad Uíbh Eachach go raibh sé nádúrtha go ndéanfadh siad an Ciorcal ar an bhóthar an tseachtain seo.
"Bíonn Ciorcal Comhrá Aoine na Gaeilge againn achan eile Aoine. Uair sa mhí, déanann muid iarracht dul timpeall na tíre chuig eagraíochtaí difriúla.
"Thapaigh muid an deis inniu teacht anseo. Ghlac muid an cinneadh go mbeadh sé spreagúil é a dhéanamh anseo agus Craobh Phort a' Dúnáin bunaithe an tseachtain seo caite."
Dúirt Brian go ndeachaigh sé féin agus deichniúr eile ón Chiorcal Comhrá, agus go raibh "an oiread sin" daoine a tháinig chuig an imeacht, a bhí ar siúl "i bPuball an Phobail" ag barr an bhóthair.
Ag caint leis faoin bheith amuigh ar an bhóthar, dúirt Brian go raibh sé tábhachtach seasamh le muintir na háite mar "go dtuigeann lucht na Gaeilge cad é mar a mhothaíonn cos ar bolg, agus nuair atá an seicteachas á bhrú."
"Is áit fhrithchiníoch agus fhrithsheicteach í Ionad Uíbh Eachach, agus tá muid i gcónaí ag iarraidh na luachanna sin a chur in iúl," arsa Brian.
Dúirt Ciarán Ó Fearghail, Cathaoirleach Chraobh Phort an Dúnáin de Chonradh na Gaeilge go raibh lúcháir mhór orthu ciorcal comhrá a reáchtáil.
"Bhí lúcháir mhór orainn ciorcal comhrá a óstáil anseo ag barr an chnoic ar Bhóthar Gharbhachaidh, agus tá muid go mór faoi chomain Ionad Uíbh Eachach as Béal Feirste a thug imeacht s'acu, 'Aoine na Gaeilge', ar camchuairt chugainn inniu.
Dúirt Ciarán gur chláraigh breis agus céad duine ón cheantar le ranganna Gaeilge na craoibhe úire, ach go raibh orthu "an chéad oíche ranganna, a bhí le titim amach an tseachtain seo, a chur ar ceal de dheasca an léigir ar phobal s'againn."
"Scríobh muid litir chuig Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag impí orthu toscaireacht éigeandála a chur chugainn agus b'údar mor spreagtha dúinn gur tháinig an Chraobh agus an eagraíocht náisiúnta, le hionadaithe ón Choiste Chúige, Comhaltas Uladh, le chéile ag clubtheach CLG Thír na nÓg ar an Bhóthar."
Ar seisean, "Bhí teachtaireacht choitianta, aontaithe sa tseomra go seasfaidh pobal na Gaeilge i ndlúthpháirtíocht lena chéile le linn na tréimhse seo agus sna míonna atá amach romhainn chun tacú lena n-iarrachtaí pobal Gaeilge a thógáil sa cheantar, saor ón imeaglú, fhuath agus an leatrom."





