Fuair mé teachtaireacht thar a bheith suimiúil (i mBéarla) Dé hAoine chuig mo chuntas Instagram.
Scríobh bean a raibh mé in aon rang léi sa chéad bhliain ar an ollscoil an oiread seo a leanas.
"Hi. Sorry for this - I appreciate you are busy so forgive this intrusion - I know we have not spoken for years. Back in first year uni, walking to halls from lectures, you told me you were doing history with Irish language.
"I said to you that Irish was not worthwhile because it wouldn't lead to job opportunities, or money.
"I've learned a lot since then. I've learned how the language of this one land was suppressed, and how English people did that.
I've also grown a lot in my political understanding, so sometimes as I watch you go from strength to strength with journalism and support for your rights to your language I feel very guilty for those ignorant comments.
"I'm sure you heard it before (and since) but on my part I'm sorry."
Mar chomhthéacs - Sasanach atá sa bhean seo. Bhí muid in aon rang staire le chéile sa chéadbhliain ar ollscoil, sular éirigh mé féin as an stair agus sular aistrigh mé go céim sa Ghaeilge amháin.
Rinne mé cuid mhór machnaimh ar an teachtaireacht ó shin. Ba é an chéad rud a rith liom nuair a léigh mé an teachtaireacht ná go raibh sé thar a bheith cróga uaithi í a chur chugam.
Ní raibh aon dualgas uirthi leithscéal a ghabháil as comhrá a tharla chor a bheith deich mbliana ó shin, comhrá a raibh dearmad déanta agam féin air, le fírinne. Ach ba mhór agam gur chuir sí an teachtaireacht chugam.
De réir mar a smaoinigh mé air, shíl mé go mb'fhéidir gur léiriú nó meafar a bhí sa teachtaireacht chéanna ar obair na gcapall atá á déanamh ag gníomhaithe Gaeilge ar fud na tíre.
Cluintear "Irish is having a moment" go minic na laethanta seo, teachtaireacht a aontaím leis. Níl aon amhras go bhfuil níos mó suime ná riamh i bhfoghlaim na Gaeilge. Bímse féin ag teagasc rang oíche gach Déardaoin in Oirthear Bhéal Feirste agus bíonn an oiread sin éilimh ar na ranganna ag na leibhéil éagsúla ar fad. Tá an oiread tionchairí agus pearsantachtaí ar líne anois a dhéanann ábhar i nGaeilge, agus tá borradh nach beag faoi scannáin agus teilifís na Gaeilge.
Ach sílim go ndéanann "having a moment" a bheag (ar bhealach) den obair dofheicthe a rinneadh thar na mblianta, agus atá á déanamh go fóill, leis an teanga a thabhairt chuig an áit a bhfuil sí anois.
Taobh thiar den tsuim atá á léiriú, tá na blianta fada d'obair phobail, d'eagrú agus d'abhcóideacht. Is fiú cuimhneamh ar na daoine agus ar na grúpaí a choinnigh an Ghaeilge beo agus a chruthaigh deiseanna do dhaoine í a fhoghlaim agus a úsáid, grúpaí ar nós Fís an Phobail, Turas, An Droichead agus Áras Mhic Reachtain.
Caithfidh muid a chuimhniú nár aisghaireadh an Péindlí deireanach go dtí 2025, nuair a baineadh an dlí go raibh ar imeachtaí na cúirte a dhéanamh i mBéarla amháin. Chuaigh an dlí sin siar go dtí 1737, agus bhí a lorg le mothú uaidh sin amach. Baineadh an dlí deireanach i ndiaidh blianta d'fheachtasaíocht leanúnach ó ghníomhaithe agus ghrúpaí pobail.
Ní féidir liom a rá cad é a spreag an bhean seo le teagmháil a dhéanamh liom i ndiaidh na mblianta seo ar fad. Ach is léir go bhfuil athrú tagtha ar a tuiscint ar an Ghaeilge, ar an stair a bhaineann léi agus ar an éagóir a rinneadh uirthi.
Ní féidir an stair a athrú, ach is féidir an tuiscint uirthi a athrú. Agus b'fhéidir gurb é sin ceann de na comharthaí is láidre den dul chun cinn atá déanta ag pobal na Gaeilge, go bhfuil daoine anois ag teacht ar thuiscint úr ar an teanga.
Is maith an scéalaí an aimsir!





