Tá an tionscadal FLOURISH - Framing the Legacy of our Irish and Scottish Heritage, atá á reáchtáil ag Ollscoil Uladh, ag dul ar chamchuairt le barúlacha an phobail a fháil ar ár dteangacha comhroinnte. 

"Is é an sprioc atá againne ná plé a dhéanamh sa phobal bunaithe ar na teangacha comhroinnte idir Éire agus Albain. Sin an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban, an Albanais agus an Ultais," a dúirt an Dr Stiofán Carson, bainisteoir an tionscadail.

"Bíonn an plé faoi na teangacha seo i gcónaí suite i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann. Agus tá muidne ag iarraidh a léiriú go bhfuil an comhthéacs i bhfad níos mó ná sin, agus go bhfeidhmíonn an comhthéacs sin ar leibhéal trasfharraige.

Dúirt an Dr Carson go bhfuil sean-naisc idir Éire agus Alban agus go bhfuil na teangacha fite fuaite lena chéile. 

"Tá daoine ag bogadh idir Éire agus Albain le breis agus míle cúig chéad bliain.

"Bhog an Ghaeilge go hAlbain agus as sin a fuair muid Gaeilge na hAlban. Tháinig Béarla isteach go hAlbain agus as sin a fuair muid Albanais."

Ar seisean, "Nuair a bhog daoine ó Albain go Cúige Uladh le linn na Plandála, tháinig an Albanais isteach go Cúige Uladh agus as sin a fuair muid an Ultais.

"Tchíonn muid lorg na dteangacha sna sloinnte agus sna logainmneacha atá againn. 

"Tá lorg na Gaeilge le feiceáil i mBéarla na hÉireann, mar shampla 'I'm only after going out.'"

"Tá lorg na hUltaise nó na hAlbanaise ar Bhéarla Chúige Uladh. 'Soda farl' mar shampla. 'Farl' sin 'quarter of bread.'"

"An Béarla atá againne, sin Béarla nach bhfuil ag duine ar bith eile. Sin Béarla Chúige Uladh."

Tá an tionscadal ag reáchtáil seisiún ar fud an tuaiscirt agus sna contaetha ar an teorann, agus ba mhaith leo barúlacha an phobail a fháil ar an Ghaeilge, ar an Albanais, ar an Ultais agus ar Ghaeilge na hAlban.

"Tá muid ag dul amach chuig an phobal. Is féidir linn teacht go grúpaí pobail, agus beidh ceardlanna oscailte againn chomh maith. 

"Beidh trí sheisiún againn le hachan ghrúpa. Seisiún a haon le labhairt faoin tionscadal, seisiún a dó bunaithe ar an aiseolas ón chéad seisiún, agus seisiún a trí faoin bhealach chun tosaigh. 

"Tá muid ag iarraidh píosa oibre a bheith againn faoin dearcadh atá ag na daoine ar na teangacha seo."

Tá sonraí na gceardlann ar chuntas Facebook FLOURISH - Framing the Legacy of our Irish and Scottish Heritage.