Cuirfidh an compántas amharclainne as Béal Feirste, Aisling Ghéar, a leagan féin de Pygmalion ar an ardán den chéad uair i gCorcaigh Dé Luain seo chugainn.
Leagan úr uasdátaithe, lonnaithe i mBéal Feirste an lae inniu, é an dráma a thosaigh Gearóid Ó Cairealláin nach maireann ag forbairt. Is í bean chéile Ghearóid, Bríd, atá ina stiúrthóir ar Aisling Ghéar, agus deir sí go bhfuil siad "ar bís agus neirbhíseach" chun tús a chur leis an chamchuairt.
"Beidh muid ag cur íomhánna, seit, soilse agus fuaime uilig le chéile leis na haisteoirí bochta!
"Creideann muid uilig sa seó. In amanna bíonn rudaí deacair. Bíonn radharcanna a bhfuil níos mó oibre leo, ach tá a fhios ag gach duine céard atá ar bun acu agus céard atá ar bun acu leis na haisteoirí eile.
Beidh an grúpa ar an bhóthar ar feadh míosa, agus beidh siad i mBéal Feirste ag tús mhí na Samhna. Dúirt Bríd go mbíonn freagra difriúil ag gach lucht féachana roimh achan eile seó.
"Tá gach lucht féachana agus gach áit difriúil. Bíonn i gcónaí lucht féachana ann atá bríomhar agus réidh le gáire, agus bíonn lucht féachana eile ann agus bíonn siad sórt ciúin.
"Laughing is catching mar a deirtear! Bíonn gach oíche difriúil. Braitheann sé ar an duine. Is breá liomsa a bheith ar chamchuairt.
"Tá am againn roimh gach léiriú. Níor chóir go mbeadh sé róthrom. Tá an réamhobair uilig déanta mar sin ba chóir go mbeadh sé maith go leor."
Beidh Pygmalion ar siúl sa Chultúrlann i mBéal Feirste idir 2 agus 5 Samhain.





