Tháinig grúpaí óige ó fud an tuaiscirt le chéile ar Chnoc Uí Néill i nDún Geanainn ar an tseachtain seo caite fá choinne an chéad chomhdháil riamh de chuid Fhóram na nÓg, an eagraíocht a thacaíonn le hobair óige trí mheán na Gaeilge. 

Dúirt Caoimhe Ní Choinn ó Fhóram na nÓg gur éirigh go hiontach leis an lá, agus go raibh grúpaí éagsúla ann ag roinnt a dtaithí féin san earnáil.

"Bhí atmaisféar den chéad scoth ann. Bhí meascán againn de mhaoinitheoirí, de bhaill s'againne, de scoileanna. Bhí réimse aoiseanna i láthair chomh maith, rud a bhí go iontach mar gur eagraíocht óige muid."

Ar sise, "B'shin é an chéad chomhdháil a bhí againn ariamh, mar sin bhí neart ábhar foghlama ann. Bhí sé go hiontach achan duine a fheiceáil le chéile. Mhothaigh mé féin go raibh daoine ag foghlaim óna chéile, ag cur aithne ar a chéile."

Luaigh sí tábhacht na háite fosta, smaoineamh a bhí ag croílár chinneadh Fhóram na nÓg an chomhdháil a reáchtáil i nDún Geanainn.

"Bhí sé tábhachtach dúinn fosta machnamh a dhéanamh ar an áit agus ar an tsuíomh sin. Tá stair Ghaelach cinniúnach ag Cnoc Uí Néill."

Bhí cainteanna ann le ceannairí Gaeilge ó fud na tíre, amhail Ciarán Mac Giolla Bhéin, Joe Ó Dochartaigh, April Ní hÍr, Eoghan Ó Conghaile agus Seán Mac Bradaigh. Roinn siad a gcuid taithí féin faoin fheachtasaíocht sa Ghaeilge, agus uirlisí úsáideacha fána choinne.

"Dúirt na grúpaí gur mhaith leo níos mó eolais faoin phleanáil teanga," a dúirt Caoimhe. "Chuir muid béim ar na rudaí idirghníomhacha agus bhí muid ag iarraidh go mbeadh lá spreagúil ann.

"Tá sé ar intinn againn comhdháil eile a dhéanamh ar an bhliain seo chugainn. Idir an dá linn, beidh muid ag tacú le héilimh na ngrúpaí agus le riachtanais a gceantracha."