D'fhógair An tOireachtas an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 an tseachtain seo, agus tá lorg na bhFeirsteach le feiceáil go láidir air. 

Deir An tOireachtas go ndéanann na Gradaim Chumarsáide "ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain," agus go dtugann siad "aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas."

Tá trí chatagóir déag ann agus den chéad uair riamh i mbliana tá catagóir ann do "Cruthaitheoir Gaeilge na Bliana."

I measc na bhFeirsteach atá ainmnithe tá Conor Torbóid as NÓS.ie fá choinne Colúnaí na Bliana. Fuair an tsraith raidió 'Ceol Cois Cuain' ainmniúchán do Shraith Raidió na Bliana. Bhí sé curtha i láthair ag Seán Óg Mac Corraidh agus Tuan Ó Ruanaidh, agus léirithe ag Caoimhe Ceol Ní Chathail.

Fuair an clár cumhachtach 'Néaltrú - An Scriosadh mall' ainmniúchán fá choinne clár teilifíse na bliana. Leanann an clár faisnéise teaghlach Mhic an Fhailí i mBéal Feirste agus iad ag déileáil leis an néaltrú atá ar a n-athar, Seán.

Tá an ceoltóir agus ealaíontóir Gráinne Holland ainmnithe fá choinne Pearsa Teilifíse na Bliana mar gheall ar a cuid oibre ar 'Scoil Choille 2,' sraith teilifíse a chuireann sí i láthair lena fear chéile Frainc agus lena bpáistí, Naoise agus Síomha.

Pléadh céimeanna an tsaoil go hoscailte agus go hionraic sa tsraith 'Breith, Beatha agus Bás,' agus tá an tsraith chéanna ainmnithe fá choinne sraith teilifíse na bliana. Ba é an comhlacht léiriúcháin as Béal Feirste, Below the Radar TV, a léirigh an tsraith. 

Tá lorg Raidió Fáilte ar na hainmniúcháin. Fuair Séimí Mac Aindreasa ainmniúchán as a chuid chláracha 'Beo ar Maidin' agus 'Guth an Phobail,' agus tá Príomhirischraoltóir Nuachta agus Cúrsaí Reatha Raidió Fáilte, MaryClaire Nic Uilliam, ainmnithe do 'Réalta Óg na Bliana."

Ag caint léi faoin ainmiúchán, dúirt MaryClaire go raibh sí ar bís agus iontach bródúil.

"Bhí mé ar bís! Is cuimhin liom anuraidh go raibh mé ag obair ag na Gradaim Chumarsáide agus ag smaoineamh cé chomh maith is a bhí an dream a bhí ainmnithe do Réalta Óg na Bliana."

Deir MaryClaire go raibh sé mar sprioc aici ainmniúchán mar seo a fháil, ach gur tháinig sé aniar aduaidh uirthi agus gan í ach cúpla bliain san earnáil.

"Nuair a thosaigh mé san earnáil bhí mé ag obair sa BBC mar léiritheoir faoi oiliúint agus is cuimhin liom go raibh na daoine a bhí ainmnithe ag teacht isteach le hagallaimh a dhéanamh, agus is dócha go raibh mé ag smaointiú i mo chloigeann go mbeadh sé sin mar sprioc agam. Ach ní raibh mé ag smaointiú go dtarlódh sé chomh gasta sin!

Mhol sí na daoine eile atá ar an liosta léi, go háirithe a dlúthchara ó Raidió na Life, Cara Jane Nic Giolla Chomhaill. Dúirt sí go raibh sé suntasach go raibh roinnt ainmniúcháin ann ó na stáisiúin raidió pobail.

"Tá Séimí Mac Aindreasa ainmnithe do Phearsa Raidió na Bliana. Mé féin agus Cara Jane do Réalta Óg na Bliana, agus fuair Raidió na Life ainmniúchán fá choinne clár na bliana fosta. 

Ar sise, "Bíonn obair na gcapall ar bun ag an BBC agus ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an oiread oibre ina gcuid cláracha, ach i gcomparáid leis an mhéid daoine agus leis an am a bhíonn i gceist. Tá rud éigin speisialta faoi raidió pobail. Tá muid go hiomlán lonnaithe sa phobal agus is iontach go bhfuil sé sin aitheanta ag leibhéal ard.

"Tá sé cosúil le gradam a bheith ainmnithe ar an chéad dul síos! Chonaic mé an méid a bhain ainmnithe eile amach thar na mblianta. Tá todhchaí gheal rompu ar fad."

Is féidir le duine ar bith vóta a chaitheamh ar son Réalta Óg na Bliana ar shuíomh Oireachtas na Samhna.