Cuirfear spotsholas ar amhráin agus ar cheol a bhaineann le hÉirí Amach 1798 i sraith faisnéise úr de chuid TG4, Ceol 1798.
Is é an ceol atá i gcroílár na scéalaíochta sa tsraith, mar a nochtann sé an dóigh a ndearnadh cuimhne ar pholaitíocht agus ar fhéiniúlacht. Míníonn an tsraith go bhfuil idé-eolaíocht agus fís na nÉireannach Aontaithe go fóill ag imirt tionchair ar cheoltóirí agus ar ealaíontóirí an lae inniu.
Tháinig Preispitéirigh, Caitlicigh agus easaontóirí le chéile mar chuid d'Éirí Amach 1798, faoi stiúir na nÉireannach Aontaithe agus a gceannaire, Theobald Wolfe Tone. Bhí fís acu leasú polaitíochta, comhionannas agus tír saor ó rialú na Breataine a bhaint amach.
Ní hamháin gur tréimhse shuntasach a bhí sna blianta seo do stair pholaitiúil na tíre, ach bhí sé ina spreagadh mór do thraidisiún ceoil a mhaireann go dtí an lá inniu. Fiosraítear amhráin ón dá thaobh sa tsraith seo, agus léiríonn amhráin na nGíománach gur mhothaigh siad go raibh siad ina nÉireannaigh bhródúla ag cosaint a dtíre ó thionchar coimhthíoch.
Tá taispeántais sa tsraith ó dhaoine ar nós Stephen Rea agus Neil Martin, Steve Cooney, agus Ríoghnach Connolly. Feictear Banna Fliúite Chosantóirí Bhóthar na Seanchille chomh maith, mar a théann lucht féachana ar thuras stairiúil ar fud na tíre.
Ba é an comhlacht léiriúcháin as Béal Feirste Imagine Media a léirigh an tsraith le tacaíocht ó Choimisiún na Méan agus ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.
Ag caint léi faoin tsraith, dúirt Sheila Friel, léiritheoir feidhmiúcháin agus scríbhneoir na sraithe, gur thuras suimiúil fríd stair na tíre a bhí ann.
"Throid na hÉireannaigh Aontaithe leis an deighilt reiligiúnach a shárú agus ionadaíocht pholaitiúil a bhaint amach do chách," ar sise.
"I gcroílár a gcuid idéal, bhí cuimsitheacht a d’aithin éagsúlacht - prionsabail atá chomh hábhartha céanna inniu agus a bhí siad beagnach 230 bliain ó shin.
"Tá scéal fhir agus mhná ’98 imithe i ndearmad ag cuid mhór daoine, agus tá súil againn go spreagfaidh an tsraith seo daoine le spéis a chur sa scéal agus sa stair trí amhráin agus trí dhánta."
Tosóidh Ceol 1798 Dé Domhnaigh 18 Deireadh Fómhair ag a 9.00 ar TG4.





