Beidh ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge, Fís an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste san áireamh, ag dul chun na Breataine Bige mar chuid de thuras Development Trust NI (DTNI).

Is eagraíocht í DTNI a dhíríonn ar fhorbairt pobail, ar fhiontraíocht an phobail agus ar chearta an phobail.

Rachaidh toscaireacht de bhaill Fhís an Phobail, de An Carn i nDoire agus d'Aonach Mhacha in Ard Mhacha chuig an Bhreatain Bheag ón 19 go dtí an 21 Deireadh Fómhair.

Dúirt Bríd Nig Aoidh, Oifigeach For-rochtana Pobail le Laochra Loch Lao mar chuid d'Fhís an Phobail, go bhfuil siad ag dúil go mór leis an turas atá rompu. 

"Beidh muid ag taisteal thart ar feadh trí lá le bualadh le roinnt comhlachtaí agus eagraíochtaí sa Bhreatain Bheag, agus rachaidh muid go hArdfheis de chuid DT na Breataine Bige ar an lá deireanach."

Dúirt sí gur eiseamláir í an Bhreatnais ó thaobh stádas teanga de, agus go bhfuil siad ag iarraidh tarraingt ar na ceachtanna sin maidir leis an phleanáil teanga s'acu féin.

"Tá sé iontach tábhachtach nasc a chothú leis na tíortha Ceilteacha eile. Tá stádas iontach ag an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, agus bíonn muid i gcónaí ag amharc uirthi maidir le stádas teanga.

"Tá muid ag iarraidh cúpla tosaíocht agus smaointe a thabhairt ar ais anseo d'fhorbairt maoine pobail, agus an dóigh a dtiocfadh linn a chur i bhfeidhm."

Ar sise, "Tá muid ag iarraidh foghlaim faoin fhorbairt maoine pobail atá déanta acu. Ba mhaith linne a fháil amach cén dóigh a gcuireann muidne forbairt maoine pobail i bhfeidhm anseo. Ba mhaith liom cúpla smaoineamh a ghlacadh ar ais anseo.

Tá stádas pleanála teanga ag Iarthar Bhéal Feirste agus é mar aidhm ag Fís an Phobail tógáil ar obair na gceannródaithe Gaeilge a tháinig rompu sa chathair. Deir Bríd go bhfuil sé ríthábhachtach deiseanna mar an chomhdháil seo a thapú ionas gur féidir leo cur lena gcuid modhanna oibre. 

"Cén dóigh ar féidir linn tógáil ar an smaoineamh seo d'fhorbairt pobail agus gan a bheith ag bráth ar mhaoiniú ón stát anseo i gcónaí? 

"Cén dóigh ar féidir linn a bheith ag bráth ar a chéile agus ag cothú ár gcomhlachtaí agus ár n-eagraíochtaí féin? Cén dóigh a bhfuil muid ábalta tógáil ar an phobal atá thart orainn?

"Tá sé sin iontach tábhachtach dúinne mar go bhfuil muid i lár pleanála teanga anseo san Iarthar. Tá na hionadaithe ó na grúpaí éagsúla uilig ag obair sa treo chéanna faoi scáth na pleanála teanga, agus uilig ag iarraidh tógáil ar an smaoineamh seo d'fhorbairt phobail."