Tá mic léinn agus léachtóirí ag déanamh réidh do thús na bliana acadúla úire, agus deir Stiúrthóir an Dioplóma sa Ghaeilge ar Ollscoil Uladh, an Dr Gearóid Ó Domagáin, go bhfuil siad ag dúil le fáilte a chur roimh níos mó ná tríocha scoláire sa chéad bhliain den chúrsa i mBéal Feirste i mbliana.

"Bíonn teacht isteach leanúnach ann achan bhliain. Bíonn idir fiche agus tríocha ag teacht isteach sa chéad bhliain achan bhliain. Do chúrsa páirtaimseartha tá sin maith, tá sin ar na cúrsaí páirtaimseartha is láidre ar an ollscoil."

Thosaigh an cúrsa i gCúil Raithin sna nóchaidí, sular cuireadh tús leis i mBéal Feirste.  Anois tá an cúrsa dioplóma ann i mBéal Feirste, i nDoire, ar an Chorr Chríochach agus in Ard Mhacha. Cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain atá ann, agus is i mBéal Feirste a bhíonn an méid is mó éilimh. 

"Nuair thosaigh mé mar stiúrthóir an chúrsa, b'fhéidir dá bhfaigheadh muid fiche bheadh muid sásta. Ach anois bíonn muid ag dúil le tríocha nó níos mó. Tríocha is a cúig a fuair muid anuraidh.

"Idir an dá bhlianghrúpa beidh idir seasca agus seachtó againn i mbliana ar an Dioplóma."

Beidh scoláirí úra ag toiseacht ar an chéim pháirtaimseartha chomh maith. Ní bhíonn uimhreacha an chúrsa sin chomh hard leis an dioplóma, ach de ghnáth bíonn freastal maith air. Tchítear do Ghearóid go bhfanann daoine dílis dá gcuid staidéir chomh maith, nuair a thosaíonn siad.

"Bíonn uimhreacha ar an chéim pháirtaimseartha rud beag níos ísle, mar gheall ar chúrsaí costais is mó is dócha. Ceithre bliana go leith a ghlacann an cúrsa céime páirtaimseartha, agus tá na táillí ar aon dul leis an chúrsa lánaimseartha ach pro-rata.

Ar seisean, "Cuid mhaith daoine atá ag iarraidh tabhairt faoin chéim, níl siad i dteideal iasacht do mhic léinn mar go bhfuil céimeanna ag cuid mhór acu cheana féin. Agus tá na táillí chomh hard sin. Ach go fóill féin faigheann muid b'fhéidir deichniúr sa bhliain, agus tig an chuid is mó acu fríd an dioplóma.

"Faigheann muid cuid acu dhá bhliain don dioplóma, ceithre bliana go leith don chéim. Agus cuid eile acu ansin téann siad ar aghaidh leis an mháistreacht, sin dhá bhliain eile. Nuair a thug siad de ghnáth fanann siad tamall maith!"

Ar ndóighe níl aon easpa ranganna i mBéal Feirste na laethanta seo. Tá fáil ag daoine ar ionaid Ghaeilge in achan chearn den chathair anois, ach dar le Gearóid is é struchtúr an chúrsa dioplóma ar cheann de na fáthanna is mó a gcuireann daoine suim ann.

"An fáth a gcuireann daoine dúil sa chúrsa dioplóma, ar ndóighe tá an cháilíocht ollscoile ann. Ach cuid mhaith acu, níl siad ag smaointiú ar an cháilíocht, tá siad ag smaointiú ar chúrsa a bhfuil struchtúr ag dul leis. Sin an pointe díolacháin is mó a bheadh againn, go bhfuil curaclam leagtha amach go loighciúil.

"Bíonn scoth na gcúrsaí ar fáil amuigh sa phobal, ach tarlaíonn dhá rud. In amanna, bíonn ábhar na gcúrsaí rud beag scaipthe, agus léimeann siad ó rud go rud. Agus an dara rud de réir le mac léinn s'againne ná go mbaineann siad plateau amach. Baineann siad bunrang, meánrang, ardrang amach ach níl áit ar bith le dul ina dhiaidh sin."

Bíonn meascán de dhaoine ó chúlraí éagsúla ar an chúrsa. Ar ndóighe, tá nasc láidir cothaithe ag an ollscoil leis na hionaid Ghaeilge sa chathair, agus le fás na nGaelscoileanna, tá níos mó tuismitheoirí ag clárú leis an chúrsa a dhéanamh.

"Faigheann muid tuismitheoirí a bhfuil páistí ar na Gaelscoilteacha acu. Faigheann muid roinnt daoine atá ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta. Cúntóirí ranga ar mhaith leo cáilíocht sa teanga agus ar mhaith leofa cur lena gcuid eolais ar chúrsaí gramadaí.

"Tá meascán ann ó thaobh aoise de. Cúpla duine amuigh as an scoil sna luathfhichidí, suas go dtí daoine atá ar scor. Is maith liom an meascán istigh sna ranganna. Bíonn eispéireas difriúil acu ó thaobh an oideachais de."

Cuidíonn an meascán seo leis an phróiseas foghlama chomh maith, a deir Gearóid, cé go dtig leis a bheith dúshlánach don teagascóir féin. 

"Bíonn meascán de chumas Gaeilge chomh maith. Bíonn daoine nach ndearna cúrsa ar bith Gaeilge riamh, go dtí daoine a bhfuil cúpla focal acu, go dtí daoine atá ag teacht ann agus iad líofa cheana féin. Cruthaíonn sé sin dinimic faoi leith istigh sa rang. Ach tá sé cuidiúil, mar bíonn na daoine is láidre ag cuidiú leis na daoine is laige chomh maith.

Glacann teagascóirí le cur chuige dearfach agus comhoibritheach, a deir an Dr Ó Domagáin. Bíonn siad ábalta an meascán d'aoisghrúpaí a láimhseáil ar bhealach atá chun leas an scoláire agus an ghrúpa. Tá rogha ag daoine bliain a thabhairt saor ón chúrsa má thagann rudaí eile aníos ina saolta pearsanta. 

"Bíonn roinnt nach ndearna cúrsa ceart acadúla le blianta fada, agus bíonn siad iontach buartha faoi scrúduithe agus faoin mheasúnú. Ach bíonn muid ábalta iad a cheansú, mar má fhreastalaíonn siad ar na ranganna bíonn siad réidh le tabhairt faoi na measúnaithe. Míním daofa nach bata iad na measúnuithe le hiad a bhualadh ach dóigh le plean forbartha a chur i bhfeidhm.

"Bunús na ndaoine a thosaíonn ar an chúrsa, críochnaíonn siad ar an chúrsa. Ach tá an tsolúbthacht sin ann le sos a ghlacadh más mian leo. In amanna stopann daoine i ndiaidh bliana agus pilleann siad, bíonn sé mar an gcéanna ar an chéim pháirtaimseartha."

Cé go bhfuil rath agus éileamh ar na cúrsaí Gaeilge san ollscoil le blianta fada, ba mhaith le Gearóid na táillí a bheith níos ísle le go mbeadh rochtain ag níos mó daoine ar an chúrsa, nó ba mhaith leis tuilleadh cuidithe ón rialtas. Deir sé go bhfuil tábhacht nach beag leis an chúrsa i gcomhthéacs na reachtaíochta úire Gaeilge.

"Tchímse fiúntas sa chúrsa. Leis na hathruithe seo atá ag teacht le cúrsaí reachtaíochta, tá níos mó deiseanna ag dul a bheith amuigh ansin. Tá daoine a bhfuil scileanna aitheanta ollscoile a dhíobháil.

"Dá bhfeicfeadh na húdaráisí sin agus dá mbeadh siad ábalta sparánachtaí a chur ar fáil, chuideodh sin le daoine tabhairt faoin rud. Níl easpa éilimh ar bith ar na cúrsaí, tá an-dúil ag daoine sna cúrsaí agus tá ag éirí go maith leofa, ach d'fhéadfadh muid a bheith ag cur leis sin dá mbeadh an tacaíocht airgid ar fáil."