Seolfaidh Feirsteach leabhar úr ag Oireachtas na Samhna i mbliana ina bpléifear rúin i litríocht dhuine de na scríbhneoirí is mó i saol na Gaeilge. 

Sa leabhar "Rún na Gaeilge i Saothar Mháire," pléann Seán Mac Corraidh litríocht Shéamuis Uí Ghrianna, nó Máire, ó dhearcadh úr. Is toradh é an leabhar ar na blianta de shuim agus de phaisean i saothar Mháire.

"Tá mé ag léamh leabhair Mháire ó bhí mé 15," arsa Seán. "Is cuimhin liom dul isteach in rang sa Chumann Chluain Árd agus bhí siad ag léamh leabhar de chuid Shéamuis Uí Ghrianna."

Léigh Seán leabhair ar nós 'Cith is Dealán' don Ard-Leibhéal agus cuid mhaith dá shaothar ar an ollscoil. Cé go raibh an mhórchuid acu scríofa sa seanchló, níor stop Seán de bheith á léamh agus ansin a dteagasc.

"Bhí suim mhór agam a bheith ag teagasc litríocht Mháire agus cúig bliana ó shin chláraigh mé le céim ar líne in Ollscoil Chorcaí, Master of Arts and Gaelic Literature.

"Bhí sé seo i mBéarla, ach d'fhoghlaim mé cuid mhór agus sa deireadh bhí tráchtas 20,000 focal le scríobh agam, agus bhí suim agam ariamh in rud ar a dtugtar stílíocht uirthi."

Baineann stílíocht le teanga liteartha agus leis na roghanna a dhéanann údair nuair atá siad ag scríobh. 

Mhol Ailbhe Ó Corráin don "te ar mhaith leis go ligfeadh an teanga seo Gaeilge a rún leo, ní fearr rud a dhéanfadh sé ná staidéar trom a dhéanamh ar chuid scríbhneoireachta Mháire," agus b'shin é an rud a rinne Seán.

"Léigh mé achan leabhar a scríobh sé, agus le linn sin bhí mé ag scríobh nótaí. Rinne mé grinnléitheoireacht ar achan rud dár scríobh sé. 

"Fuair mé amach go bhfuil cuid mhór i bhfolach. Sin an áit a dtáinig an smaointe chugam go bhfuil an rún i bhfolach. 

"Tá a rún féin ag gach tír. Is dócha gur doiligh Béarla a chur ar rún sa chás seo. "Mystery," nó "sacred" nó "essence" b'fhéidir."

Éabhlóid a d'fhoilsigh leabhar Sheáin, a sheolfar go hoifigiúil Dé Sathairn an Oireachtais i gCill Airne. Ba é Séamas Ó Donnghaile ar an duine ba mhó a rinne profléamh ar an leabhar féin. 

"Bíonn daoine ag cáineadh leabhair Mháire gan iad a bheith léite acu. Níl scríbhneoir Gaeilge níos fearr ó thaobh saibhreas teanga," ar seisean.

"Nuair a smaoiníonn tú ar 1920 nó 1921, nuair a cuireadh Mo Dhá Róisín amach, díoladh deich míle cóip den leabhar sin. Bhain an lucht léitheoireachta is mó lena bhunadh féin sa Ghaeltacht. 

"Tá rún na Gaeilge i bhfolach i saothar Mháire agus bhí obair chruaidh i gceist lena bhaint amach. Tá anailís ann ó thaobh na stílíochta de agus is leabhar tagartha é fosta. Tá súil agam go bhfuil cuid den rún sin aimsithe agam an t-am seo."

Seolfar 'Rún na Gaeilge i Saothar Mháire' le Seán Mac Corraidh in Svuit 1, Óstán an Gleneagle Dé Sathairn 31 Deireadh Fómhair ag Oireachtas na Samhna.