Cuirfear tithe ar fud na tíre faoin mhicreascóp arís in sraith úr de 'Is Mise le Mess' ar TG4. 

Bhí Síle Ní Duibheannaigh, Colleen Nic Aodha agus Derena Uí Dhochartaigh mar na glantóirí réalta in sraith a haon, agus pilleann na Conallaigh arís lena gcuid grinn, cairdis agus obair chrua. 

Níl eagla ar bith orthu roimh obair chrua, agus bíonn siad breá sásta a mbarúil a thabhairt!

Tá sé i gceist ag an triúr cuidiú le daoine a gcuid tithe a chur in ord arís, agus fáil réidh leis an tranglam agus leis na rudaí atá carntha acu thar na blianta. Buaileann siad le pobal na hÉireann ar fud na tíre, agus léiríonn siad daofa an difear mór a dhéanann rud beag cuidithe. 

Tugann an fhoireann cuairt ar Dhún Caoin i gContae Chiarraí, ar Dhún Fionnachaidh i nDún na nGall, ar Ghaoth Dobhair agus ar an Ómaigh. Beidh siad i mBéal Feirste an éirí seo chomh maith!

Téann an fhoireann go dtí na Holy Lands i mBéal Feirste, chuig teach a bhfuil cúigear mac léinn ann. Bíonn na buachaillí ag óstáil cóisirí go minic, ach ní minic a bhíonn siad ag glanadh!

Bíonn neart gáire agus craic idir an cúigear fear óg agus an triúr ban as Dún na nGall agus iad ag iarraidh an teach a athrú ó áit atá lán go doras le tranglaim go teach a mbeadh duine ar bith sásta cónaí ann.
 
Ag fanacht leo i mBéal Feirste buaileann an fhoireann le Rosie agus Declan. Tá an lánúin réidh le fáilte a chur roimh a gcéad leanbh. Tá an chistin agus an seomra breise le glanadh amach, agus tá seomra nua don leanbh le déanamh as oifig Declan.

Declan agus Rosie lena leanbh úr
2Gallery

Declan agus Rosie lena leanbh úr

Ag caint leis faoin tsraith úr, dúirt Rónán McCloskey, léiritheoir feidhmiúcháin do Ronin Films, go raibh sé ar bís é a chur ar an teilifís.

"Seo an tsraith is láidre gan dabht, le daoine dochreidte as Ciarraí, Dún na nGall, Béal Feirste agus An Ómaigh. Agus cúigear gásur craiceáilte as Béal Feirste ina gcónaí le chéile sna Holy Lands! Tá an chraic 90 tríd is tríd."

Tá an dara sraith de Is Mise le Mess léirithe ag Ronin Films i mBéal Feirste do TG4, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Tosaíonn sé Dé Céadaoin 4 Samhain ag 8.30 ar TG4.