Tá seanbhaint ag Cumann Chluain Árd le Gaeilgeoirí Bhéal Feirste. Ar feadh na mblianta bhí sé ar cheann de na chéad áiteanna foghlama do dhaoine sa chathair ar mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim, agus tá sé go fóill mar a bheadh Meice na Gaeilge sa chathair.
Deir Eoghan Press, a oibríonn mar mhúinteoir sa chumann agus a chuireann cuid mhór imeachtaí ar siúl, go mbíonn ócáidí ann do gach duine.
"Ar chéad Aoine na míosa bíonn tráth na gceist sa Chumann, atá oscailte d'achan duine, bíodh Gaeilge líofa acu nó gan ach cúpla focal acu.
"Beidh seisiún ceoil oscailte ann ar dhara Aoine na míosa as seo amach. Shocraigh mise sin le grúpa beag de cheoltóirí áitiúla.
"Bíonn Abair Amhrán ann achan tríú Aoine den mhí, agus bíonn Éabha Ní Mhonacháin i gceannas orthu sin."
Tháinig daoine ar nós Albert Fry agus Clann Mhic Sheáin fríd dhoirse an chumainn thar na mblianta, agus deir Eoghan go bhfuil sé airdeallach ar an stair sin.
"Tá rud speisialta ag an Chumann. An stair atá bainteach leis. Na daoine a tháinig amach as, a theagasc agus a d'fhoghlaim a gcuid Gaeilge ansin agus anois atá in áiteacha eile ar fud na cathrach.
"Bíonn stíl teagaisc Gaeilge amháin againn chomh maith. Úsáideann muid prapaí agus rudaí mar sin leis na ranganna a theagasc. Níl cead Béarla sna ranganna nó ag an bheár.
"Tá dualgas orainn smaointe na ndaoine a tháinig romhainn a chur chun cinn arís."
Beidh an Cumann nócha bliain d'aois i mbliana, agus beidh ócáid mhór acu ar an 7 Samhain. Deir Eoghan gur mhaith leis tuilleadh daoine a mhealladh ar ais.
"Sílim go bhfuil sé i bhfolach ar bhealach. 'Hidden gem' atá ann. Tá imeachtaí agus rudaí ar siúl againn an t-am ar fad. Bíonn an beár oscailte Dé Luain, Déardaoin agus Dé hAoine faoi láthair.
"I mbliana tá mé ag déanamh iarracht ollmhór rudaí a chur ar fáil sa chumann. Chuir mé na cártaí ballraíochta ar fáil arís mar shampla, agus ba mhaith linn fáilte mhór a chur roimh dhaoine."




