Ghlac na mílte páirt sa Leathmharatón Chósta Aontroma ag an deireadh seachtaine, mar a sháraigh Isaia Lasoi as an Chéinia curiarracht an chúrsa le ham den scoth de 58:26. Ba é a chomrádaí Daniel Mateiko a tháinig sa dara háit, agus ba í Germawit Gebrzihair as an Aetóip a bhain rás na mban leis an am 1:06:12.
Ba é Hiko Tonosa an tÉireannach ba ghasta, le ham de 01:02:01. Tháinig sé féin san aonú háit déag sa rás.
Thosaigh an rás i Latharna agus chuaigh na reathaithe ar lúb an bhaile de sé chiliméadar sular bhuail siad an bóthar amach i dtreo Bhaile Geithligh. Thiontaigh siad ansin agus chloígh siad leis an chósta a fhad le Latharna arís, áit ar chríochnaigh an rás in aice le túr an bhaile, cois farraige.
Bhí idir óg is aosta i measc an tslua de níos mó ná seacht míle; Piarais Mac Alastair as Béal Feirste, Medb Ní Dhulain as Baile Raghnaill, agus Bríd Nig Aoidh as an Chreagán ina measc sin.
Bhí Medb iontach sásta leis an dóigh ar láimhseáil sí an rás.
"Ba é seo mo chéad leath-mharatón riamh agus an sprioc a bhí agam ná an rás a chríochnú go díreach. D'éirigh liom á dhéanamh taobh istigh de 2:06 agus mé iontach sásta!
Ar sise, "Bhí gach rud eagraithe go foirfe ó thús go deireadh agus tá moladh mór tuillte ag gach uile oibrí deonach a tháinig amach inniu. Meitheal speisialta atá iontu!"
Dúirt Piaras go raibh sé ag traenáil le roinnt míonna anuas fá choinne an rása, agus gur thaitin an cúrsa go mór leis.
"Bhí an cúrsa go hiontach! Bhí sé deas cothrom agus taobh leis an fharraige, agus bhí radharcanna deasa ann agus tú ag rith.
"Fuair mé am de 1:53. Bhí mé breá sásta le sin. Ní sáriarracht phearsanta é ach bhí mé go fóill sásta leis. Tá mé ag dul a thabhairt faoi arís ar an bhliain seo chugainn, agus sprioc agam am faoi 1:50 a fháil chomh maith."
Dúirt Bríd go raibh críochnú an rása ar an sprioc ba mhó a bhí aici féin.
"Ba é seo mo thríú leath-mharatón. Bhí mé ag iarraidh é a chríochnú agus sult a bhaint as an lá. D'éirigh liom é a dhéanamh taobh istigh de 2:20.
Arsa sí, "Bhain mé an-sult as. Bhí atmaisféar den chéad scoth ann i Latharna, agus bhí scaifte ollmhór amuigh ag tacú linn. Buíochas le Dia nach raibh gaoth ar bith ar bhóthar an chósta, bhí an aimsir linn. Moladh mór tuillte ag lucht eagraithe an rása."



