Bhí Gairdín an Phobail ar Bhóthar na Carraige Báine gnóthach Dé hAoine agus daoine ag foghlaim faoin lín agus faoi chóras nua bia a chruthú.
Dúirt comhordaitheoir Ghairdín an Phobail, Seán Mac Bradaigh, go bhfuil an lá, 'Ó Phlanda go Pláta,' ag tógáil ar obair leanúnach an ghairdín.
"Bíonn muid ag plé na n-áiteacha arb as ár gcuid bia go minic anseo. Bhí cúpla ceardlann againn inniu, bhí daoine ag baint síolta ón talamh agus ag baint bia chomh maith.
"D'fhás muid ár gcuid lín féin agus tá muid ag baint na síolta anois chun níos mó a fhás ar an bhliain seo chugainn agus chun línéadach a dhéanamh."
D'eagraigh grúpa ó The Kind Economy an lá i gcomhboibriú le Gairdín an Phobail, agus chuir siad bia lámhdhéanta ar fáil do na daoine a bhí i láthair.
"Is grúpa teifeach iarrthóirí tearmainn iad. Daoine ó fud fad an domhain, ár gcairde atá ina gcónaí anseo, ón Súdáin, ón Phalaistín, ón Éimin, ón tSiria agus go leor áiteacha eile, agus tá siad ag déanamh bia blasta dúinn ar an chré-oigheann."
"Tá meitheal oibre anseo inniu, chun craic, cairdeas, comhrá agus bia a bheith againn."

Cuireann Séan go leor tábhacht ar an talamh, ar an dúlra, agus ar aire a thabhairt don dá rud.
"Tá nasc láidir idir an pobal agus an dúlra. Tá nasc iontach domhain ag na hÉireannaigh leis an talamh, ach níl ach 2% de choill dhúchasach na hÉireann fágtha."
Tá fás as cuimse tagtha ar an spás le blianta anuas, agus deir Seán gur chóir do dhaoine amharc ar a gcuid nósanna féin.
"Is féidir linn athruithe beaga a dhéanamh muid féin. Nuair a tháinig muid chuig Gairdín an Phobail cúig bliana ó shin, bhí sé ina spás tréigthe. Anois amharc air. Tá daoine ag teacht anseo gach seachtain. Tá muid ag fás ár gcuid bia féin, á scaipeadh sa phobal, á thabhairt do foodbanks."


