Tá an scannán Gaeilge 'Aontas' roghnaithe ag IFTA le dul chun tosaigh mar rogha na hÉireann don chatagóir 'Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr' ag na Oscars. 

Seo é an cúigiú scannán Gaeilge a cuireadh chun tosaigh mar rogha na hÉireann ó bhí 2021 ann. Is iad Arracht, Foscadh, An Cailín Ciúin agus Kneecap na cinn eile. Ba é Damian McCann a bhí ina stiúrthóir ar an scannán, fear a ndearna scannán eile a stiúradh, 'Doineann' roinnt blianta ó shin. Sarah Gordon agus Damian é féin a scríobh an script chomh maith, agus ba iad Órfhlaith Ní Chearnaigh agus Christopher Myers a bhí mar léiritheoirí ar an scannán. 

Is iad na haisteoirí mór le rá Carrie Crowley, Bríd Brennan agus Eva-Jane atá mar réalta sa scannán, agus leantar iad mar a dhéanann siad comhar creidmheasa i mbaile beag faoin tuath a robáil. Cuirtear tús leis an scannán agus an robáil imithe ó smacht ar na gadaithe, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibidil, go bhfeictear na heachtraí a tharla roimh ré. 

Rinneadh Aontas le tacaíocht ó TG4, BBC Gaeilge agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, le tacaíocht ó Yellowmoon. 

Ag caint léi faoin aitheantas a fuair an scannán, dúirt Deirdre Ní Choistín, Ardstiúrthóir TG4, go bhfuil sé suntasach ar fad gur roghnaíodh an scannán. 

"Is mór ag TG4 go bhfuil Aontas roghnaithe ag IFTA chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar an stáitse idirnáisiúnta, agus tugann sé ugach chumhachtach don chruthaitheacht agus do scéalta nua  Gaeilge. Tá cúig scannán de chuid TG4 roghnaithe ag IFTA mar rogha na hÉireann sa chatagóir don 'Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr' le blianta beaga anuas."

Ar sise, "Rinne An Cailín Ciúin gaisce stairiúil ag na Academy Awards in 2023, léiriú eile ar an gcaoi is féidir le scéalta nua-cheaptha i nGaeilge dul i bhfeidhm go mór ar lucht féachana ar fud an domhain mhóir. Tagann Aontas sna sála ar an ngaisce sin agus is léiriú eile é ar an tallann cruthaitheacha d’ardchaighdeán atá ag obair inár n-earnáil léiriúcháin neamhspleách."

Mhol Ní Choistín na páirtithe a raibh baint acu le léiriú an scannáin.

"Tá muid thar a bheith bródúil as an gcaidreamh atá againn le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus le BBC Gaeilge leis an scéim Gealán. Comhghairdeachas ó chroí le Damian, Sarah, Christopher agus Órfhlaith agus le gach euine eile a bhfuil aon bhaint acu le Aontas."

Dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4, go bhfuil sí thar a bheith bródúil as an scannán, agus dúirt sí gur aitheantas tuillte é ar thallann agus ar chruthaitheacht na ndaoine a rinne an scannán. 

"Chruthaigh Damian McCann, Sarah Gordon, Órfhlaith Ní Chearnaigh, Christopher Myers agus an cliar iontach aisteoirí agus an criú ar fad a bhí ag obair air scannán thar a bheith suimiúil, scannán atá fréamhaithe i dTuaisceart Éireann ach atá tar éis dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain mhóir. Tá TG4 thar a bheith bródúil as an tacaíocht atá tugtha againn do Aontas, agus is mian linn gach rath a ghuibhe ar an bhfoireann ar fad agus iad ar an gcéad chéim eile den aistear idirnáisiúnta seo leis an scannán.”

Dúirt Damian McCann, stiúrthóir an scannáin, gurb é comhrá lena mháthair féin a spreag an scannán. 

"D'eascair Aontas as comhrá a bhí agam le mo mháthair inar chuir sí síos go mion ar an dóigh a ndéanfadh sise banc a robáil, robálaí bainc neamhghnách a bheadh inti! Ón chomhrá sin, tháinig scannán chun cinn a chuaigh i bhfeidhm ar lucht féachana timpeall an domhain."