Tá singil úr cruthaithe i nGaeilge ag an bhanna neamhspleách Black Turf, a thabharfaidh an teanga chun solais go huathúil, a deir siad. 

Seolfar 'Sásta' ag tús mí Dheireadh Fómhair, agus meascann sé reggae agus snagcheol Laidineach ar bhealach úrnua. Iarrann sé ar lucht éisteachta machnamh a dhéanamh ar cén fhuaim a bheas ar thodhchaí na Gaeilge. 

Tá meascán d'Fheirstigh agus de mhuintir Chorcaí sa bhanna, agus deir an príomhamhránaí Tristan O’Donovan, ar de bhunadh Éireannach agus Afracach-Mheiriceánach é, go dtugann an tionscadal deis dó gnéithe éagsúla dá oidhreacht féin a thabhairt le chéile.

“Is minic a cheapann daoine go bhfuil cultúr na hÉireann agus cultúr an reggae i bhfad óna chéile, ach nuair a fhéachann tú níos doimhne orthu, tá go leor de na luachanna céanna le fáil iontu - pobal, teacht aniar agus an diongbháilteacht cultúr a chaomhnú in aghaidh an chos ar bolg.

"Tá sé thar a bheith tábhachtach domsa go bhfuil an t-amhrán seo amuigh. Is léiriú é ar dhá thaobh de m’fhéiniúlacht agus ar dhá thaobh de mo stair mar Éireannach de chine measctha, ar cuireadh mo shinsir tríd an Mhuir Chairib mar sclábhaithe."

Ar seisean, "Níor mhothaigh sé aisteach dom reggae a chanadh as Gaeilge. Mhothaigh sé mar a bheadh gnéithe éagsúla de m’oidhreacht féin á dtabhairt isteach agam sa chomhrá céanna.

“Labhraíonn daoine faoin Ghaeilge uaireanta amhail is gur leis an am atá thart í. Nach cruthúnas é ceol mar seo nach bhfuil sí marbh ar chor ar bith?"

Sheinn Black Turf ag All Together Now Festival den dara huair le déanaí. Ba iad an banna féin a chum, a cheap agus a léirigh an t-amhrán. Deir an banna go mbeidh an t-amhrán ar fáil ar na mór-ardáin sruthaithe ar fud an domhain, ach amháin in Iosrael.