Tá bean óg a fhreastalaíonn ar an choláiste ghairmiúil Gaelchúrsaí i ndiaidh litir a scríobh chuig duine a pháirceáil a charr os comhair rochtain na gcathaoireacha rotha don choláiste.
In 2024 bhí glúin Chlíodhna iontach nimhneach, agus níor thuig sí cén fáth.
"Bhí mé ag siúl thart agus ag smaoineamh nach raibh rud ar bith cearr liom agus gur growing pains a bhí ann," ar sise, "Chuaigh mé chuig an ospidéal agus dúirt siad gur Osgood-Schlatter a bhí ann."
D'éirigh sé ní ba mheasa agus ní ba phianmhaire do Chlíodhna agus lá amháin chuala sí "pop."
"Ní raibh mé ábalta siúl ar feadh seachtaine. Chuaigh mé ar ais chuig an ospidéal agus dúirt siad go raibh briseadh agam i mo femur. Fuair mé MRI an lá ina dhiaidh sin agus dúirt siad liom gur ailse a bhí ann.
"'How did you not know about this ages ago?' arsa mise leo. Ansin chuaigh mé fríd chemotherapy agus faoi scian."
Próiseas crua a bhí sa cheimiteiripe do Chlíodhna, agus chaill sí a cuid gruaige mar gheall ar an chóireáil.
"Choinnigh mé mo chuid gruaige chomh fada agus ab fhéidir, ach thosaigh sé ag ceangal le chéile agus ansin dúirt mé 'let's shave it.'
"B'shin é an rud ba mheasa, go háirithe mar gur cailín mé. Tá an ghruaig chomh tábhachtach sin. Agus bhí mo chuid gruaige iontach fada."
Fuair Clíodhna cnámh mhiotail nár oibrigh. Ansin glacadh an cinneadh an cos a bhaint. Baineadh é i mí Lúnasa 2025, bliain i ndiaidh di an diagnóis cheart a fháil.
Ar sise, "Ar bhealach mhothaigh mé ní b'fhearr nuair a bhain siad é. Ní raibh an miotal ina shuí san áit cheart.
"Fuair mé prosthetic agus bhí mé ag siúl air. Ach bhí sé nimhneach arís agus bhí orm dul faoi scian arís mar go raibh píosa de mo chnámh ag fás go fóill. Bhí orthu dul isteach arís agus é sin a bhaint. Tá mé ag fanacht ar shoicéad nua do mo prosthetic le go dtig liom siúl arís."
Thosaigh sí ag baint úsáide as cathaoir rotha dhá bhliain ó shin, agus bhí an t-athrú sin dúshlánach di.
"Bhí sé deacair dul i dtaithí ar an chathaoir rotha. Bhí mé cleachtaithe le bheith ag siúl achan áit. Your legs are on aeroplane mode! You don't have to think about it you just go.
"Anois caithfidh mé smaoineamh faoi gach rud. Cá bhfuil mé ag dul? An bhfuil staighrí ann? An gcaithfidh maidí croise a bheith liom? An dtig liom mo chathaoir rotha a thabhairt liom?
"Ach ní chuireann sé isteach orm anois."
Thosaigh Clíodhna ar Ghaelchúrsaí i Meán Fómhair 2025, agus nuair a thosaigh sí ar an choláiste bhíodh sí ag caitheamh bréagfholt.
Deir Comhordaitheoir na nDaltaí ar Ghaelchúrsaí, Frances Hand, go raibh Clíodhna dearfach agus dóchasach óna céad lá ar an choláiste.
"Dúirt sí liom nár throid sí mar seo le go mbeadh daoine ag caoineadh thart uirthi. Dúirt sí gur mhaith léi a saol a bheith aici. Tá sí thar a bheith láidir mar dhuine."
Scríobh Clíodhna litir chuig carr a bhí páirceáilte ag geataí na scoile ar an tseachtain seo caite, agus deir sí gur fadhb leanúnach í easpa rochtana chun na coláiste mar gheall ar charranna.
"Achan uair a bhí mé ag teacht anseo bhí carranna páirceáilte díreach taobh leis an gheata. Tháinig mé isteach an tseachtain seo caite agus chonaic mé é agus dúirt mé liom féin 'níl mé ag dul a ghlacadh leis seo níos mó.'"
Ar sise, "Chuir muid an comhartha in airde ag rá gan a bheith ag páirceáil anseo, gur bealach isteach do chathaoir rotha atá ann. Ach go fóill bhí daoine ag páirceáil. Bhí mé bréan de.
"Tháinig mé isteach le drochspionn orm lá amháin agus scríobh mé an litir! D'fhág mé é ar an charr," ar sise.
"Tá daoine iontach dímhúinte. Fiú nuair atá mé i lár na cathrach le mo chairde, bímse i gcónaí ag rá 'excuse me, excuse me.' Agus bíonn daoine ag siúl agus ag amharc ar an ghuthán agus ag siúl díreach isteach chugam.
Is minic a chaithfidh sí dul ar an bhóthar le dul thart ar charranna atá páirceáilte ar an chosán. Dúirt Clíodhna gur mhaith léi tuilleadh airde a tharraingt ar an cheist amach anseo.
"Is é an rud is measa na daoine ag páirceáil ar an chosán."





