Seoladh suíomh gréasáin úr de chuid Fhóram na nÓg Dé Máirt ag imeacht de chuid Fhéile na Carraige. 

Freastalaíonn Fóram na nÓg ar earnáil óige na Gaeilge, agus tá sé mar aidhm acu taithí oideachasúil agus shóisialta Gaeilgeoirí óga a fheabhsú san earnáil óige lán-Ghaeilge. 

D'oibrigh an grúpa le comhlacht as Baile Átha Cliath, Modus, le dearadh agus forbairt an tsuímh a dhéanamh. Ba iad David Henry, bainisteoir an tionscadail do Modus, agus Eamon Donovan, stiúrthóir margaíochta Modus, a bhí freagrach as.

"Fuair muid ríomhphost ó Dháire i bhFóram na nÓg. Ní raibh suíomh ar bith acu roimhe seo," a dúirt Eamon.

Ag labhairt dó i mBéarla, dúirt sé go bhfuil "gach suíomh difriúil," agus go ndéanann siad suíomhanna do go leor eagraíochtaí Gaeilge.

"Roinnt acu i nGaeilge agus i mBéarla, agus roinnt eile i nGaeilge amháin," ar seisean.

Dúirt David gur dúshlán a bhí ann Google Maps a chur ar an suíomh i nGaeilge, ach gur éirigh leo é sin a dhéanamh agus gur "pléisiúr a bhí ann a bheith ag obair le Fóram na nÓg."

Tá an suíomh úr ar fáil ar www.foramnanog.ie