Tá scoláire de chuid An Droichead i nDeisceart Bhéal Feirste i ndiaidh 'A' san A-Leibhéal Gaeilge a bhaint amach, deich mbliana i ndiaidh dó tús a chur lena thuras foghlama.
D'éirigh le Phil Ó hEochaidh, arb as Carraig Fheargais dó, an grád a bhaint amach i scrúdaithe na bliana seo, agus deir sé go bhfuil sé ar bís.
"Ní raibh Gaeilge ar bith agam sula raibh mé ar an ollscoil. Bhí cúpla cara agam a raibh Gaeilge acu san ollscoil. Ansin chonaic mé go raibh ranganna saor in aisce ag an Chumann Gaelach agus shíl mé mbeadh sé sin go maith.
"Bhí suim agam sna logainmneacha agus shíl mé go mbeadh sé suimiúil an teanga a fhoghlaim. Fuair mé fáilte mhór sna ranganna.
"I ndiaidh thrí nó ceithre mhí, ba mise an t-aon duine sa bhunrang, agus mé i mo Phrotastúnach! Mhothaigh mé go raibh todhchaí na teanga ar mo ghuaillí agus mé i mo Phrotastúnach."
Deir Phil nár chuir sé isteach ná amach ar dhuine ar bith i ndomhan na Gaeilge gur Protastúnach a bhí ann. Leoga, b'iad na daoine lasmuigh den phobal a shíl go raibh sé aisteach.
"Ní raibh difear ar bith ann i saol na Gaeilge. Bhí dearcthaí difriúla ag daoine in áiteacha eile i mo shaol féin, ach ní raibh difear ar bith ann i saol na Gaeilge. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romham.
"Níl do chúlra tábhachtach maidir leis an teanga. Bhí Gaeilge ag mo shinsir. Ní le grúpa ná le cúlra amháin an teanga. Níor chóir do chúlra stop a chur le rud ar bith."
Ar ndóighe, níor stop Phil le bunrang. Bhog sé ar aghaidh agus chuidigh dhá ionad Gaeilge i mBéal Feirste a bhfuil clú agus cáil orthu lena chuid foghlama.
"I ndiaidh ranganna an Chumainn Ghaelaigh, thosaigh mé ag freastal ar ranganna le Turas ar dtús. Rinne mé an GCSE leofa agus ansin rinne mé an A-Leibhéal leis An Droichead.
"Deich mbliana ó shin ní raibh focal agam. Anois tá A-Leibhéal agam agus fuair mé A, agus lán marcanna sa scrúdú cainte. Tá mé thar a bheith sásta agus bhí neart deiseanna agam mar gheall ar an teanga. Bhí dhá phost agam mar gheall ar an teanga, agus bhí mé ar an teilifís agus ar an raidió. Scríobh mé leabhar."
Oibríonn Phil leis an YMCA anois, ach d'oibrigh sé le Turas in Oirthear Bhéal Feirste agus le Naíscoil na Seolta, agus níl a fhios aige go fóill an dtabharfaidh sé faoi chéim sa Ghaeilge!
"Tá cúpla duine ag iarraidh orm é sin a dhéanamh! Níl mé cinnte. Cinneadh mór eile é sin."


