TÁ TG4 ag ceiliúradh clúdach na Fleidhe 2026, mar a d'amharc cuid mhór daoine ar a gclúdach ar an teilifís, ar Sheinnteoir TG4, ar YouTube agus ar na meáin shóisialta.
Ba iad na craoltóirí aitheanta Doireann Ní Ghlacáin, Peadar Ó Goill agus Gráinne McElwain a bhí mar láithreoirí Fleadh26, agus scoth an cheoil le cluinstin ó thús go deireadh.
Craoladh ceithre oíche de chlúdach beo a raibh níos mó ná ceithre chéad taibheoir mar chuid daofa. D'amharc 456,300 duine ar an chlúdach sin, agus ba é Dé hAoine an 7 Lúnasa an oíche ba láidre, le chor a bheith 80,000 ag amharc air.
D'amharc níos mó daoine ar Sheinnteoir TG4 i mbliana ná mar a d'amharc anuraidh, agus ba léir go raibh suim sna comórtais a craoladh ar YouTube TG4 chomh maith. D'amharc níos mó ná 75,000 orthu sin.
Fuarthas níos mó ná ceithre mhilliún radharc ar ábhar ar na meáin shóisialta ón seachtain. Ba iad Ciarán de Buitléir ó CCÉ Craobh Caiseal Mumhan, Tiobraid Árann a bhain comórtas scéalaíochta faoi 12, agus buaiteoirí Chomórtas na mBannaí Céilí 2026, The Lissadel Céilí band, a fuair an oiread is mó radharc ar líne.
Ciarán de Buitléir, CCÉ Craobh Caiseal Mumhan, Tipperary
Dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe ag TG4, go bhfuil sí iontach bródúil as clúdach TG4 le linn na Fleidhe.
"Thug muid lucht féachana ní ba chóngaraí don cheol, do thaibheoirí agus don atmaisféar le TG4, Seinnteoir TG4 agus Trad TG4 ar YouTube agus ar na meáin shóisialta."
Ar sise, "Comhiarracht ollmhór a bhí ann, agus gabhaim mo bhuíochas lenár bpáirtithe léiriúcháin, le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus le Coiste Feidhmiúcháin na Fleidhe.
"Tá muid ag dúil go mór le pilleadh ar Bhéal Feirste do Fleadh27 an bhliain seo chugainn."



