Bronnadh £123,353 ar an ghrúpa pobail Glór na Móna mar chuid de thionscadal maoinithe a thacaíonn le daoine óga chun pobail níos láidre, níos ceangailte a thógáil.
Feidhmíonn Glór na Móna as Gael Ionad Mhic-Goill ar Bhóthar na Carraige Báine. Cuireann siad cláir óige agus clubanna óga trí mheán na Gaeilge do pháistí agus do dhaoine óga in Iarthar Bhéal Feirste. Reáchtálann siad cláir cúig oíche sa tseachtain agus baineann níos mó ná trí chéad páiste úsáid as a gcuid seirbhísí.
Ba é an Community Foundation NI a bhronn an maoiniú mar chuid den chlár Lead the Change. Infheistíonn Lead the Change sna láidreachtaí agus sa cheannaireacht atá ag daoine óga. Déanann sé iarracht spásanna sábháilte, tacúla a chur ar fáil, áiteanna ar féidir le daoine óga teacht le chéile chun taithí a roinnt, caidrimh a thógáil agus a bheith ar thús cadhnaíochta sna comhráití faoi chaidrimh pobail.
Dáilfear an t-airgead thar thréimhse trí bhliain agus "ligfidh sé do Ghlór na Móna, i gcomhoibriú le Anaka Women's Collective, cumhacht a thabhairt do cheannairí óga sa dá eagraíocht chun aghaidh a thabhairt ar an éadulaingt agus ar an chiníochas tríd idirnáisiúnachas, dlúthpháirtíocht agus feachtasaíocht a theagasc."
Is grúpa d'oibrithe deonacha é Anaka Women's Collective, lonnaithe i mBéal Feirste. Tacaíonn siad le mná ó ghrúpaí mionlaigh agus reáchtálann siad cláir phobail agus fiontraí pobail. Stiúraigh siad tacaíocht do dhaoine le linn na gcíréibeacha i mBéal Feirste le linn an tsamhraidh.
Dúirt Feargal Mac Ionnrachaigh, stiúrthóir Ghlór na Móna, go raibh an grúpa ar bís chun maoiniú a fháil ó Lead the Change.
"Tá áthas orainn an maoiniú seo a fháil ó Lead the Change chun tacú le clár oideachais agus tógáil foirne le Gaeilgeoirí óga agus imircigh óga a bhfuil deacrachtaí orthu nó a ndéantar imeallú orthu.
"Forbróiodh an clár seo scileanna agus cothóidh sé gníomhaíochas i measc na hóige. Tacóidh sé le grúpa a bhfuil ardscileanna acu ó Ghlór na Móna agus Anaka Colective," ar seisean.
"Is é an sprioc atá leis seo ná deiseanna a chruthú do dhaoine óga chun teacht le chéile gan a bheith buartha faoi éagsúlachtaí agus chun rannpháirtíocht polaitíochta a fhorbairt. Ba mhaith linn caidrimh a thógáil dírithe ar idirnáisiúnachas, muinín a fhorbairt agus gníomh cheart a dhéanamh a rachaidh i ngleic leis an chiníochas, a thógfaidh dlúthpháirtíocht, agus neartóidh rannpháirtíocht agus a chruthóidh athruithe dearfacha, fadtéarmacha inár bpobal."





