Tá cáineadh déanta ag Forbairt Feirste ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste as an easpa Gaeilge ar bhoscaí bruscair úra os comhair na Cultúrlainne ar Bhóthar na bhFál, i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta.

Cuireadh marcanna bóthair agus comharthaí dátheangacha in airde le linn an tsamhraidh sa Cheathrú Ghaeltachta, agus fógraíodh ag deireadh Mheán Fómhair go ndéanfar iniúchadh ar tuilleadh comharthaíochta a chur in airde sa cheantar.

Cuireadh polasaí Gaeilge úir de chuid na Comhairle i bhfeidhm i mí Aibreáin 2026, agus deir sé sa pholasaí go dtabharfaidh an Chomhairle tús áite don "erection of dual language signage in all of its facilities," sa Cheathrú Ghaeltacha.

Dúirt Piarais Mac Alastair, Oifigeach Tionscadail le Forbairt Feirste, go raibh an grúpa iontach míshásta leis an chinneadh seo.

"Tá an Cheathrú Ghaeltachta aitheanta go hoifigiúil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

"Faomhadh an Polasaí Gaeilge ag an Chomhairle ar an 1ú Meitheamh 2026. Níl sé maith go leor go bhfuil pobal na Gaeilge go foill ag fanacht ar chomhionannas teanga. 

"Tá sé in am don chomhairle a bpolasaí féin a chur i bhfeidhm láithreach agus go hiomlán."

Iarradh ráiteas i mBéarla ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

“Following the adoption of our Irish Language Policy, the council is currently in the first phase of our implementation plan. This includes working on detailed design and brand guidelines for how commitments within the policy will be rolled out across our council estate.

“In the meantime, we are using our existing stock of bins, as and when required, and this bin was part of that stock. We recognise however that this is an important location within the Gaeltacht Quarter and our staff are currently looking into interim measures in relation to this infrastructure.”