Chuir Laochra Loch Lao campa Samhna ar siúl le linn shos leaththéarma i Spórtlann na hÉireann ar Bhóthar na bhFál, agus tháinig chor a bheith tríocha páiste le sult as bhaint as cluichí agus imeachtaí faoin spéir.

Dúirt Bríd Nig Aoidh, Oifigeach For-rochtana Pobail le Laochra Loch Lao, go raibh siad ar bís an campa a chur ar siúl arís.

"Seo an dara bhliain againn ag cur campa Samhna ar fáil do pháistí óga Laochra Loch Lao. De ghnáth reáchtálann muid campa le linn sos na Samhna, sos na Cásca agus ar ndóighe le linn an tsamhraidh," ar sise.

"Bhí thart fá tríocha páiste cláraithe againn do Champa Samhna na bliana seo. Dhírigh an campa - a mhair dhá lá - ar pháistí bunscoile."

Páistí lena gcuid ealaíona ag Campa na Samhna
2Gallery

Páistí lena gcuid ealaíona ag Campa na Samhna

Bíonn páistí ó chlubanna éagsúla ar fud Bhéal Feirste páirteach sa champa, agus ní bhíonn aon easpa imeachtaí ann. 

"Déanann muid meascán de spóirt, peil, aclaíocht, liathróid láimhe agus ealaín. Baineann na páistí an-sult as an mheascán sin d'imeachtaí," arsa Bríd.

Ar ndóighe, rinneadh Oíche Shamhna a cheiliúradh mar chuid den champa. Bhí go leor taibhsí, cailleach agus púcaí fá Spórtlann na hÉireann Dé hAoine.

"Ghléas na páistí suas Dé hAoine fá choinne féile na Samhna agus tá cuma ghalánta orthu! Rinne muid cóisir bheag d'Oíche Shamhna tráthnóna Dé hAoine agus bhain na páistí an-sult as. 

"Bhí muid ar bís go raibh na páistí linn agus gur chinn siad sos na Samhna a chaitheamh linn anseo."

Dúirt Damien MacAilín, Bainisteoir Forbartha Cumann agus Cluichí le Laochra Loch Lao, go raibh an campa agus campaí eile iontach tábhachtach d'fhorbairt scileanna. 

"Tugann sé seo seans dúinn díriú ar scileanna agus ar chluichí beaga a reáchtáil do na paistí. Is féidir leo rudaí sultmhara a dhéanamh lena gcairde ar an dóigh seo le linn an tsosa. 

"Tá súil agam gur mheall muid cúpla imreoir úr chomh maith!"