Filleann Féile na Carraige arís i mbliana, agus tá clár lán d'imeachtaí, de phlé agus de cheol á reáchtáil ag an ionad pobail ar Bhóthar Chluanaí, Glór na Móna.
WATCH: Féile na Carraige is back with a range of community events taking place in West Belfast until October 16. @GlorNaMona pic.twitter.com/pFRuBFYQzz
— Andersonstown News (@ATownNews) October 9, 2026
Déanann Féile na Carraige ceiliúradh ar an Ghaeilge agus pléann sí téamaí an díchoilínithe agus na hathghabhála teanga. Tá clár gnóthach acu arís i mbliana le camchuairteanna stairiúla, tráth na gceisteanna, seoltaí leabhair agus laethanta spraíúla. Chomh maith leis sin, beidh ceolchoirm ann le The Railway Boys agus oíche scéalaíochta le Scríbhneoirí an tSléibhe.
Seoladh an Fhéile go hoifigiúil Déardaoin i nGael Ionad Mhic Goill, agus bhí taispeántas speisialta ceoil agus damhsa speisialta ann ó pháistí Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh. Thug roinnt daoine a bhfuil dlúthbhaint acu le pobal an cheantair óráidí spreagúla, ina measc ionadaithe ó Anaka Women's Collective agus Mothers Against Genocide. Fógraíodh go hoifigiúil ó ionadaí Mothers Against Genocide go bhfuil Glór na Móna anois ar cheann de na chéad chultúrlanna in Éirinn atá "saor ón chinedheighilt."
Mhol Elfie Seymour ón Anaka Women's Collective iarrachtaí Ghlór na Móna mar áit thearmainn do phobail mhionlaigh le linn an tsamhraidh, agus mhol sí freagra an phobail in éadan an fhoréigin.
Thug an gníomhaí áitiúil Dessie Donnelly óráid ar thábhacht an phobail agus ar nascanna a thógáil idir ghrúpaí éagsúla sa chathair, agus léigh Nuala Ní Scolláin an dán 'The Refugees' le Bobby Sands.
Dúirt Eoghan Ó Conghaile, Oifigeach For-rochtana Pobail le Glór na Móna, go bhfuil sé ar bís an fhéile a chur i láthair arís i mbliana.
"Tá Féile na Carraige bunaithe ar thrí eocharthéama. Páirteachas, polaitíocht agus pobal. Tá dhá imeacht déag againn a chlúdaíonn na focail sin.
"Daingníonn na féiltí pobail. Sin é an rud atá de dhíth orainn in am an ghátair agus cinntí polaitiúla ag dul in olcas ar fud na cruinne," ar seisean.
Dúirt sé go raibh sé tábhachtach féiltí mar seo a reáchtáil chun "domhan níos fearr, níos cuimsithigh atá oiriúnach don uile dhuine a thógáil."
Chríochnaigh an seoladh le taispeántas speisialta de 'A Mother's Heart for Palestine' le Cór Mothers against Genocide.
Beidh Féile na Carraige ar siúl go dtí 17 Deireadh Fómhar, agus tá clár na féile le fáil ina iomlán ar mheáin shóisialta Ghlór na Móna.





