Tá Róis-Máire Donnelly ina post mar Ardmhéara Bhéal Feirste le breis agus cúig mhí anuas, agus cé go ndeir an comhairleoir de chuid Shinn Féin go raibh sí "iontach neirbhíseach" ag tús a seala, tá sí breá socraithe sa phost ó shin.

“Bhí mé neirbhíseach. Bhí eagla an domhain orm agus bíonn go fóill an chuid is mó den am. Bíonn tú ag iarraidh jab maith a dhéanamh agus ba mhaith leat go ndéanfaidh tú an jab is fearr don chathair.
 
“Bhí mé ar bís chomh maith. Deis speisialta atá ann nach bhfuil ag mórán daoine agus bhí mé ag iarraidh sin a ghlacadh agus é a dhéanamh mar is ceart.
 
“Gach lá mothaím ar bís, ach an chuid is mó den am bíonn rud beag ar an chúl agus bíonn tú neirbhíseach ag smaoineamh faoi gach rud atá go fóill le teacht."
 
Níl sí ar an Ardmhéara is óige dá raibh riamh ann, ach bíonn go leor cainte faoina haois agus gan í ach 31 bliain d'aois. Deir sí féin nach bac í sin ach buntáiste, nó go bhfuil sí ag iarraidh daoine óga a chur ag croílár a seala in Halla na Cathrach.

"Sílim gur rud maith é dúinn. Tá daoine níos óige ag glacadh an phoist seo le cúpla bliain anuas. Sílim go bhfuil deis againn rudaí a dhéanamh go difriúil agus go bhfuil sé maith do dhaoine óga duine atá measartha óg a fheiceáil sa phost chomh maith.

"Sílim go bhfuil seans ag daoine óga amharc ar rudaí ar bhealach difriúil ná mar a amharcann daoine atá níos sine, b'fhéidir," ar sise.

"Tá smaointe difriúla ag daoine óga agus tá muid ag iarraidh teacht isteach agus rudaí a chur chun cinn. Níl muid ag iarraidh dul ar ais. Tá muid ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh don chathair iomlán agus do na daoine óga atá ina gcónaí sa chathair seo."

Glacadh le rún ag an Chomhairle an mhí seo caite maidir le daoine óga agus na smaointe s'acu a bheith chun tosaigh maidir le polasaithe úra amach anseo. Dúirt an tArd-Mhéara go bhfuil sí iontach bródúil as sin a chur chun tosaigh agus gur tháinig sé i ndiaidh obair mhór le Chris Quinn, an Coimisinéir do Pháistí agus do Dhaoine Óga. 

"Tá muid ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga. Tá muid ag iarraidh fáilte a chur roimh dhaoine óga a theacht isteach agus labhairt linn faoi na rudaí atá siadsan ag iarraidh a fheiceáil," ar sise.

Deir Donnelly go bhfuil sí iontach bródúil as a fréamhacha i mBaile Uí Mhurchú, agus go bhfuil sé speisialta nuair a chuireann a pobal in iúl di cé chomh bródúil is atá siad aisti. Dúirt sí fosta go raibh sí iontach go deo bródúil as daltaí a hiarbhunscoile, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, a bhí mar chuid lárnach de lasadh Shoilse na Nollag.

"Tá mé iontach bródúil as gach rud atá déanta againn mar chathair. Bhí an Fhleadh againn agus sílim go mbeidh mé ag labhairt faoi sin go deo.

"Tharla rud iontach speisialta anseo i mBéal Feirste le linn na seachtaine sin agus beidh mé bródúil as go deo."

Níor tháinig a tréimhse sa ról gan dúshláin, ar ndóighe. Chonacthas círéibeacha ciníocha le linn an tsamhraidh i mBéal Feirste, a thosaigh seachtain i ndiaidh do Donnelly toiseacht ina ról. Fuair sí bagairt bháis le linn na tréimhse sin agus deir sí go raibh an chéad chúpla seachtain sin "iontach deacair." 

"Ag an am bhí tú ag smaoineamh 'Ar chóir dom dul ar aghaidh?' Bhí orm smaoineamh faoin saol iomlán s'agam agus rudaí difriúla a dhéanamh maidir liom féin agus maidir leis an teaghlach s'agam. 

"Bhí eagla orm. Bhí deacrachtaí ann domsa agus mar an gcéanna don teaghlach s'agam. Bhí orm scairt a chur ar mo mhamaí agus mo dhaidí agus labhairt leo faoi. 

"Bhí mé ag dul abhaile agus ag smaoineamh an raibh rud éigin ag dul a tharlú sa teach? Cad é a dhéanfaidh mé? Fiú nuair a bhí mé amuigh chun lón a fháil. 

"Bíonn tú i gcónaí ag smaoineamh, cad é a dhéanfaidh mé má tharlaíonn rud éigin? Nó má deir duine éigin rud éigin liom? 

"Níor stop mé ach téim ar ais chuige sin i gcónaí mar níor shíl mé riamh go mbeinn ag dul amach agus ag smaoineamh 'an bhfuil mé sábháilte?' Fiú ag dul ar na meáin shóisialta agus daoine ag labhairt fút. Smaoiníonn tú air sin ach ní bhíonn go rómhinic mar tá mé chomh buíoch sin as an phost seo."

Caithfidh Donnelly a bheith ina cathaoirleach ar chruinnithe na Comhairle mar chuid dá ról mar Ardmhéara, rud ar féidir leis a bheith dúshlánach mar go bhfuil sí "ag iarraidh a bheith ag smaoineamh ar gach duine sa tseomra."

"Bíonn deacrachtaí ann nuair a bhíonn daoine ag scairteadh ach don chuid is mó, caithfidh mé rá, bíonn sé i bhfad níos fearr ná mar a shíl mé. Bíonn sé deas fosta dul amach agus bualadh le daoine nár bhuail mé leo riamh agus a bheith in áiteacha sa chathair nach raibh mé riamh."

Is léir go bhfuil Róis-Máire ag iarraidh tuilleadh ban a mhealladh isteach i ndomhan na polaitíochta. Bhuail sí le mná ó Women in Leadership le déanaí agus tá coinní eile sa dialann aici le labhairt le grúpaí ban eile faoina haistear féin.

"Tá neart go fóill le déanamh againn mar Chomhairle, ach ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus do mhná go háirithe. 

"Agus tá mé ag iarraidh an Ghaeilge a chur i lár gach rud a dhéanaim. Tá mé ag iarraidh go mbeidh daoine ábalta a fheiceáil go bhfuil Gaeilge ag polaiteoir i bpost mar seo, agus go bhfuil muid i gcónaí ag smaoineamh faoin Ghaeilge in achan rud a dhéanann muid."

Críochnaíonn a seal mar Ardmhéara i mí na Bealtaine na bliana seo chugainn. Tá súil aici seasamh i dtoghchán na Comhairle arís, cé nach bhfuil sé sin deimhnithe ag an pháirtí go fóill. Má thagann Sinn Féin ar ais mar an pháirtí is mó arís beidh seal eile ag an pháirtí i ról an Ardmhéara, ach níl a fhios aici cé a bheas sa ról má tharlaíonn a leithéid. Is cosúil go bhfuil sí dóchasach agus dearfach faoi obair na comhairle don chuid is mó.

"Sílim go mbíonn muid ag obair go han-mhaith le chéile. Bíonn muid i gcónaí ag smaoineamh faoi na daoine atá ina gcónaí i mBéal Feirste agus bíonn muid ag tacú lena chéile, ach bíonn muid i gcónaí ag smaoineamh ar cad é ar féidir linn a dhéanamh as seo amach chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine," ar sise.

"Tá an t-ádh orainn an chuid is mó den am go mbíonn muid ábalta rudaí a phlé le meas agus spás a bheith againn theacht le chéile agus an rud ceart a dhéanamh do dhaoine atá ina gcónaí anseo. 

"Don chuid is mó, bíonn Béal Feirste ábalta a bheith ag obair go han-mhaith le chéile."