Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh, go "seasann pobal na Gaeilge le Bóthar Gharbhachaidh," in óráid ag mórshiúl dlúthpháirtíochta ar an bhóthar Dé Sathairn.

Bhí sé ag caint mar a tháinig na mílte go Port a' Dúnáin le tacaíocht a léiriú do phobal an bhóthair, seachtain ar aghaidh ó chéad iarracht an Ord Oráistaigh Máirseáil Dhroim Crí a dhéanamh.

Rinne an tUasal Ó Muadaigh tagairt do chraobh úr an Chonartha, a seoladh ar an tseachtain seo caite, agus na "céadta a d'oscail a gcuid doirse dúinn, a thug bia dúinn, a thug athraithe éadaí agus na céadta scáth fearthainne dúinn. Sin an rud is pobal ann."

Lean sé ar aghaidh ag moladh na ndaoine a tháinig "ó fud fad na tíre le seasamh leis an phobal seo," agus thug sé moladh ar leith do bhaill Anaka Women's Collective as Béal Feirste. 

"Ní neart go cur le chéile," a dúirt sé, "Glúnta éagsúla, cúlraí éagsúla, pobail éagsúla uilig ag teacht le chéile chun cur in éadan mórshiúlta seicteacha a bhfuil a mbunús acu in ardcheannas, imeaglú agus fuath."

Rinne sé tagairt don ghlúin úr a bhfuil fios agus tuiscint aici ar stair an bhóthair agus an "foréigean, tráma agus imeaglú a bhfuil baint aige le Droim Crí."

"Tá na laethanta sin críochnaithe go deo," ar seisean. "Níl dearmad déanta againn ar na rudaí a tharla dár dtuismitheoirí agus dár seantuismitheoirí ar feadh an mblianta. Imeallaithe, cos ar bolg déanta orthu. Saoránaigh ísealchéime. Ach sin é. Tá sé laethanta sin thart.

Dúirt sé gurb ionann "an líne a choinneáil ar Bhóthar Gharbhachaidh" agus rud atá tábhachtach do phobail ar fud an oileáin. 

"Tá a fhios againn go bhfuil muid ar an taobh cheart den stair," a dúirt sé.

Cháin sé an tOrd Oráisteach áitiúil as a ndearcadh maidir le comharthaí dátheangacha i bPort an Dúnáin i mbliana. Dúirt sé "nach raibh siad buartha ar chor ar bith faoi chaidreamh pobail," agus "nach mbaineann an iarracht siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh le cultúr nó cearta."

Rinne sé tagairt ar chásanna eile d'easumhlaíocht shibhialta, amhail "máirseálaithe cearta sibhialta i nDoire," agus "máirseálaithe in éadan na mBlocanna H." Dúirt sé fosta gur dúradh le pobal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe go raibh an dlí á bhriseadh acu nuair a "bhí siad ag tógáil na chéad Gaelscoile sa tuaisceart." Cheangail sé filleadh abhaile na bPalaístineach agus Bobby Sands leis an tsáinn chomh maith. 

"Deir siad go bhfuil lucht agóide agus cónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh ag feidhmiú in éadan an dlí," a dúirt sé, "mar a sheasann siad dá gcearta agus dá ndínit." 

"Ní fadhb iad na daoine a sheasann in éadan cos ar bolg, agus ní raibh siad mar sin riamh," ar seisean. 

"Seas an fód, seas le chéile," a chríochnaigh sé a chuid óráide.