Bhí páistí Ghaelscoil an Lonnáin ar bís Dé hAoine nuair a tháinig cuairteoir speisialta chun na scoile.
Bhí an tArdmhéara Róismáire Donnelly ar cuairt ag an scoil ar Bhóthar na bhFál Dé hAoine le duaiseanna a bhronnadh ar na páistí agus le cluinstin faoin fheachtas atá ar bun ag an scoil le Páirc Dunville a choinneáil glan.
Chuir páistí na scoile roinnt ceisteanna ar an Ardmhéara, ina measc cé hé an duine a spreagann í Dúirt sí gurb iad na daoine thart uirthi ina pobal féin i mBaile Uí Mhurchú a spreagann í, agus go ndéanann siad "obair iontach" sa phobal.
Dúirt an tArdmhéara leis na páistí go bhfuil grá as cuimse aici don chathair, agus go bhfuil pobal láidir bríomhar ar fud na cathrach.
"Rugadh agus tógadh mé i mBéal Feirste. Chuaigh mé go Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, chuaigh mé go Naomh Doiminic, agus chuaigh mé go hOllscoil na Banríona."
Ar sise, "Bhuail mé leis na daoine is fearr ar domhan, tá na daoine is fearr againn i mBéal Feirste. Sin an fáth gur fhan mé anseo agus nár fhág mé!"
Dúirt Mícheál Connolly, Príomhoide Ghaelscoil an Lonnáin, go raibh siad ar bís fáilte a chur roimh an Ardmhéara.
"D'fhás seo uilig amach as téama a bhí againn anuraidh 'Ar Leac an Dorais s'againne.' B'shin é an téama a bhí ag na páistí, ' an domhan thart orthu.'
"Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar an scoil agus ar phobal na scoile. Baineann sé uilig leis an cheantar seo, an taobh stairiúil de agus an taobh chultúrtha de.
"Bhí muid ag iarraidh rud éigin a thabhairt ar ais, agus d'fhás go dtiocfadh linn rud a thabhairt ar ais don cheantar."
Níl Páirc Dunville ach roinnt slat suas an bóthar ó gheataí na scoile. Ba í an chéad pháirc a bronnadh ar an phobal i mBéal Feirste í, sa bhliain 1891. Teaghlach mór uisce beatha a bhí i dteaghlach Dunville, agus bhí drioglann acu ar Bhóthar Grosvenor.
"Ghlac muid an dualgas seo le haire a thabhairt don cheantar, go háirithe Páirc Dunville.
"Le linn na bliana seo beidh muid ag dul amach agus ag tógáil bruscair agus ag iarraidh ar na páistí an fhreagracht sin a iompar, go bhfuil an t-ualach orthu chun rud éigin a dhéanamh don cheantar seo."
Tá naíscoil agus bunscoil san fhoirgneamh céanna, agus is léir go bhfuil an tUasal Connolly iontach bródúil as a chuid foirne agus tiomanta don scoil a fhorbairt amach anseo.
"Thug muid cuireadh don Ardmhéara teacht anseo le bualadh leis an phobal speisialta atá againn anseo agus leis an scoil a fheiceáil.
"Tá mé iontach bródúil as an scoil agus na páistí agus as an fhoireann anseo. Tá muid ag tógáil de réir a chéile, agus beidh an scoil seo ag bláthú amach anseo."





