Bhí oibrithe Ghlór na Móna amuigh ar an tsráid go luath maidin Dé Máirt lena gclár bliantúil 'Bricfeasta Saor 's Gaelach' a reáchtáil arís. 

Déanann an grúpa pobail an t-imeacht seo a reáchtáil gach bliain mar chuid d'Fhéile na Carraige, agus tugann siad bricfeasta saor in aisce do pháistí na scoileanna áitiúla agus don phobal áitiúil.

Dúirt Eoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadail Pobail le Glór na Móna, go raibh siad ag tabhairt faoin togra seo le blianta anuas.

"Thosaigh muid seo siar in 2017. Togra dlúthpháirtíochta atá ann. Comhartha beag don phobal.

Ar seisean, "D'amharc an cumann óige ag an am ar chlár faisnéise faoi na Pantair Dhubha. Bhí togra ollmhór acu ina raibh siad ag tabhairt bricfeasta do dhaoine óga, páistí áitiúla gach uile maidin ag léiriú an rud a bhí siad ag iarraidh a dhéanamhsa phobal. 

"Bhí siad ag déanamh rudaí polaitiúla ach thuig siad an ghéarghá a bhí ann le bia a chur ar an tábla do dhaoine áitiúla. Spreag na Pantair Dhubha muid go mór."

Eoghan Ó Conghaile ag tabhairt bricfeasta do pháistí áitiúla
2Gallery

Eoghan Ó Conghaile ag tabhairt bricfeasta do pháistí áitiúla

Dúirt an Garmaileach gur fadhb ollmhór atá i mbochtanas sa cheantar agus i mBéal Feirste, agus go raibh sé tábhachtach go raibh rud éigin scamhardach le hithe ag páistí ar maidin.

"Níl muid ag déanamh rud éigin ollmhór anseo, tá muid go díreach ag tabhairt bia do dhaoine óga, pháistí agus do dhaoine fásta atá ag dul ar obair ar maidin le go dtig leo bricfeasta beag a fháil agus iad ar a mbealach isteach. 

"Tá torthaí againn, ispíní, uisce agus sú. Rud tábhachtach atá ann. Is fadhb ollmhór í an bochtanas agus an t-ocras sa cheantar atá ag iarraidh níos measa na laethanta seo."

Dúirt Eoghan Ó Conghaile, Oifigeach For-rochtana Pobail le Glór na Móna, go mbíonn imeachtaí dlúthpháirtíochta mar seo ag croílár fheiltí Ghlór na Móna.

"Déanann muid seo go leanúnach fríd Fhéile na Carraige agus Fhéile na gCloigíní Gorma. 

"Chinn na Pantair Dhubha nár cheart go mbeadh aon pháiste ag dul chun na scoile agus ocras orthu. Sin an múnla atá againn.

Arsa an Conallach, "Ar ndóighe tá sé fíorthábhachtach go bhfuil páistí ag ithe, agus tá muid inár gcónaí anseo i lár ghéarchéim chostas maireachtála. Fadhb chórasach is cúis leis sin, agus sin an fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach i gceantracha mar seo na deiseanna seo a chur ar fáil."