Beidh TG4 ag ceiliúradh tríocha bliain ar an aer i mbliana, agus tá ré úr i ndán don chraoltóir aitheanta mar a amharcann sé chun tosaigh.
Chraol TG4 mar Theilifís na Gaeilge den chéad uair ar 21 Deireadh Fómhair 1996, agus tá sé mar chrann taca ag pobal na tíre ó shin.
Tá lorg TG4 le feiceáil go láidir ar earnáil na meán i mBéal Feirste. Bíonn siad ag obair go rialta leis na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha sa chathair chun cláir theilifíse agus scannáin a léiriú. Is minic a bhíonn ag comhoibriú leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.
Chun tríocha bliain ar an aer a mharcáil, tá TG4 ag seoladh feachtais úir 'Súil Eile.' Tá siad ag seoladh leagain úir de Sheinnteoir TG4, TG4+, agus tá siad ag bunadh seirbhís nuachta dhigiteach do Nuacht TG4, rud a bhí ar intinn ag an eagraíocht le tamall de bhlianta.
Rinne Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, tagairt don mhéid a dúirt an t-aire Cultúir Mícheál D Ó hUiginn, ar oíche sheoladh Teilifís na Gaeilge in 1996.
"Ar oíche oscailte TnaG in 1996, dúirt an tAire Ealaíona, Cultúir agus Gaeltachta ag an am, Mícheál D Ó hUiginn: 'Táim ag tnúth leis an am a bheidh Teilifís na Gaeilge ina rogha, ní hamháin i measc na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge mar a dteanga laethúil ach freisin i measc thromlach phobal na tíre atá fabhrach don teanga agus a aithníonn a sainiúlacht agus a tábhacht bhunúsach mar chuid dár gcultúr.'"
Deir sí go dtugann Súil Eile "léargas éagsúil ar an saol in Éirinn" agus go bhfuil "tuilleadh i gceist ná craoltóireacht na Gaeilge amháin" leis.
Arsa Ní Choistín "tugann Súil Eile peirspeictíocht eile ar an tsaol agus scéalaíocht ar leith" agus nach mór "machnamh a dhéanamh ar atá i gceist le Súil Eile do lucht féachana an lae inniu, i ré seo an rogha agus mar atá TG4 in ann a bheith sainiúil, ábhartha agus den tábhacht i saol na ndaoine."
Dúirt Ní Choistín nach raibh sí ag iarraidh "go rachadh TG4 in oiriúint amháin ar earnáil na meán atá ag athrú."
"Ba mhaith liom go gcuideodh sé leis an todhchaí a mhúnlú," ar sise.
Seolfar TG4+ ar an 31 Deireadh Fómhair mar chuid d'fhís TG4 thar an chéad tríocha bliain eile. Beidh an t-ardán úr seo ina cheann scríbe do lucht féachana ar mhaith leo amharc ar ábhar TG4.
Dúirt an eagraíocht gur mian leo maoiniú cothrom a fháil agus gur chóir do lucht féachana a bheith ábalta teacht air go héasca, rudaí a deir siad atá "ríthábhachtach" má tá siad leis an "sainchúram seirbhís poiblí" atá acu a líonadh.
Ag críochnú a cuid focal, dúirt Ní Chistin gur "ríléir" an cuspóir atá ag TG4.
"Táimid ann chun meán seirbhíse poiblí sainiúil a chur ar fáil a dhéanann freastal ar an lucht féachana, a threisíonn an teanga agus a shaibhríonn saol cultúir agus cruthaitheach na hÉireann. Is cuspóir é sin nach náireach domsa a thabhairt chun cinn agus is cuspóir é atá níos tábhachtaí anois ná riamh."




