Beidh an Coimisinéir Gaeilge ó Thuaidh, Pól Deeds, i láthair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar chéad chuairt oifigiúil na hoifige ag an Fhéile.
Tá Oireachtas na Samhna ar siúl ón Chéadaoin go dtí An Domhnach an tseachtain seo, agus tabharfaidh na mílte aghaidh ar Chontae Chiarraí le bheith páirteach sa cheiliúradh.
Beidh an tUasal Deeds ag déanamh cur i láthair 'Forbairt Seirbhísí Poiblí do Phobal na Gaeilge ar Oileán na hÉireann - Deiseanna agus Dúshláin,' i gcuideachta Shéamais Uí Concheanainn, An Coimisinéir Teanga ó dheas. Ceapadh Deeds mar chéad Choimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann in 2025.
Dúirt Oifig an Choimisinéara gur "cloch mhíle thábhachtach í an ócáid seo d’Oifig an Choimisinéara Gaeilge i dTuaisceart Éireann, a bunaíodh i mí na Samhna 2025 faoi fhorálacha an Achta Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022."
Ag labhairt dó roimh an fhéile, dúirt Pól Deeds go raibh áthas air freastal ar an Oireachtas den chéad uair i ról an Choimisinéara.
"Le fada an lá tá an tOireachtas ar cheann de na hócáidí is tábhachtaí i bhféilire na Gaeilge, ag tabhairt pobail le chéile ó gach cearn den oileán," ar seisean.
"Tugann an chéad láithreas seo ag ár nOifig deis dúinn teagmháil dhíreach a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge, le heagraíochtaí teanga agus le comhlachtaí poiblí, agus forbairtí i dTuaisceart Éireann a roinnt leo."
Dúirt sé go raibh "áthas ar leith" air a bheith ag cur i láthair le Séamas Ó Concheanainn, An Coimisnéir Teanga ó dheas.
"Léiríonn sé seo an comhthiomantas atá againn le húsáid na Gaeilge sa tsaol poiblí a chothú agus a chosaint, agus tá mé ag súil go mór le réimsí spéise coitianta agus comhoibrithe a fhiosrú," arsa Deeds.
Deir sé "go ndéanfaidh an cur i láthair imscrúdú ar ról na gcoimisinéirí teanga maidir le cearta teanga a chosaint, dea-chleachtas a chur chun cinn taobh istigh de sheirbhísí poiblí agus tacú le fás agus infheictheacht leanúnach na Gaeilge ar fud an oileáin."
Beidh an tUasal Deeds ag foilsiú a gcaighdeán dea-chleachtais i dtreo dheireadh na bliana seo, agus dúirt sé gur fhoghlaim sé go leor faoin chur chuige i gcomhdháil de chuid na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh i mí Mheán Fómhair.
Dúirt An Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn go raibh an seisiún iontach tábhachtach.
"Tá an seisiún seo á reáchtáil ag tráth ríthábhachtach - tráth a mbeidh caighdeáin teanga le cur i bhfeidhm sa dá dhlínse.
"Beidh na caighdeáin teanga mar bhunchloch lena chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge."





