Tá leabhar úr seolta ag Máire Zepf, an t-údar mór le rá a bhfuil duaiseanna buaite aici as a scéalta do dhéagóirí agus do dhaoine óga. 

Is í Fionn an príomhcharachtar sa leabhar úr 'Dearg,' cailín óg cúthaileach a mhothaíonn go bhfuil gach duine thart uirthi iontach muiníneach.

Tá paisean aici don ghluaiseacht teanga agus ba mhaith léi guth a aimsiú agus í féin a ghríosú. Tarlaíonn drochrud uafásach di sa scéal, agus caithfidh sí crógacht agus misneach pearsanta a fháil fúithi féin chomh maith.

Arsa Máire, "Is úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí é Dearg. Tá sé lonnaithe i ndomhan na ndaoine óga a bhí páirteach i mbunú An Dream Dearg in 2016 nó 2017 in Iarthar Bhéal Feirste. 

"Bhí mé spreagtha go mór ag an phaisean agus ag an fhuinneamh a bhí ag na daoine óga sin. Shíl mé go mbeadh sé iontach mar shíol do leabhar. 

"Tá an leabhar mar a bheadh litir ghrá ann don ghluaiseacht sin agus do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste."

Thosaigh Máire á scríobh in 2020, agus tharraing sí ar scéalta eile a bhí go mór i mbéal an phobail ag an am le cur le scéal Fhionn sa leabhar. 

"Bhí mé ag smaoineamh faoin scéal a bhí sa nuacht faoi Harvey Weinstein agus achan rud a bhí ag dul ar aghaidh faoi MeToo agus MiseFosta, agus fearg an domhain orm faoi," arsa Máire. 

"Bhí mé ag iarraidh ceangal a dhéanamh idir chearta teanga agus cearta de chineálacha eile, mar a rinne na daoine sa ghluaiseacht chearta teanga. Cheangail siad an rud áitiúil leis an rud domhanda."

Deir sí gur tharraing sí ar eispéireas na ndaoine óga a chuir tús leis An Dream Dearg mar inspioráid don scéal, agus go raibh siad ina n-ábhar dóchais don phobal.

"Má amharcann muid siar ar na himeachtaí seo nach raibh rófhada ó shin, daoine óga a rinne iad agus d'éirigh leo.

"Nuair a sheas siad an fód, nuair a throid siad ar son rudaí, nuair a tharraing siad na línte, nuair a dúirt siad nach raibh sé ceart go leor nuair a baineadh airgead ó na clubanna óige nó ó scoláireachtaí Líofa agus na rudaí ar fad sin a tharla, sheas siad an fód agus d'éirigh leo. 

"Tá sé iontach tábhachtach go mothóidh daoine go bhfuil an chumhacht sin againn."

Tá an leabhar seo scríofa do dhéagóirí, an t-aoisghrúpa céanna le Nóinín, a scríobh Máire roinnt blianta ó shin agus a bhain an duais Leabhar na Bliana do Pháistí de chuid KPMG sa bhliain 2020. Deir Máire gur chuir sé iontas uirthi ag an am gur léigh daoine d'achan aois Nóinín, agus go bhfuil súil aici go mbeidh Dearg ar an dóigh chéanna. Deir sí, áfach, go raibh dúshlán eile i gceist le scríobh Dearg.

"Tá fíoráiteacha, imeachtaí agus rudaí i gceist leis an leabhar seo. Bhí mé ag iarraidh a bheith dílis daofa sin agus do gach rud a tharla. Ach ní leabhar staire é seo.

"An rud is tábhachtaí ná an scéalaíocht seachas na fíricí agus bhí orm cead a thabhairt dom féin rudaí a athrú sa dóigh is go raibh sé ag cur le scéal Fhionn."

Ar sise, "Ghlac sé roinnt blianta orm mothú go dtiocfadh liom sin a dhéanamh. Ag deireadh an lae má tá mé dílis don spiorad, sin é an rud is mó atá mé ag iarraidh a chur in iúl. An paisean agus an fuinneamh a bhí ag na daoine óga sin a thaispeáint, agus go mothóidh muid sin.

Tá an leabhar ar díol i mBéal Feirste sa Cheathrú Póilí, in No Alibis agus i Waterstones, agus tá sé ar fáil ar líne.